Naisc Láithreáin Gréasáin

Seo iad a leanas cuid de na heagraíochtaí eile a d’fhéadfadh a bheith ina gcuidiú maidir le ceisteanna fostaíochta.

Ionaid Eolais Saoránach

Soláthraíonn Ionaid Eolais Saoránach ar fud na tíre eolas, comhairle agus tacaíocht ar gach ceart agus teidlíocht. Tá an tseirbhís saor in aisce, faoi rún agus neamhspleách. Tairgeann roinnt ionad sainseirbhísí, mar chomhairle dhlí nó airgeadais.

www.citizensinformationboard.ie/citizens/citizens_centres.html

Láithreán Gréasáin Eolais na Saoránach  

Oifig Chláraithe na gCuideachtaí

Coinníonn an CRO eolas cuideachta, ionchorpraíonn agus cláraíonn ainmneacha gnó, forfheidhmíonn Achtanna Cuideachtaí maidir le dualgais chomhdaithe agus cuireann eolas áirithe ar fáil don phobal i gcoitinne. 

www.cro.ie

An Coimisinéir um Chosaint Sonraí

Cosnáionn an Coimisinéir um Chosaint Sonraí an ceart do phríobháideacht faoi na hAchtanna um Chosaint Sonraí agus solathraíonn eolas ar chearta daoine aonair agus ar fhreagrachtaí eagraíochtaí. 

www.dataprotection.ie

An Binse Achomhairc Fostaíochta

Is comhlacht neamhspleách é an Binse Achomhairc Fostaíochta a bunaíodh le modh tapa, saor agus measartha neamhfhoirmiúil a sholáthar do bhreithniú ar dhíospóidí maidir le cearta fostaíochta. 

www.eatribunal.ie

An Roinn Fiontar, Trádála agus Fostaíochta

Is é misean na Roinne Fiontar, Trádála agus Fostaíochta a bheith ag obair ar son an Rialtais agus na ndaoine le hiomaíochas agus fostaíocht ardchaighdeáin na hÉireann a mhéadú go cothrom.

www.entemp.ie

An Rannán Ceadanna Oibre - www.entemp.ie/labour/workpermits

An tÚdarás Comhionannais

Is comhlacht neamhspleách é an tÚdarás Comhionannais a bunaíodh faoin Acht um Chomhionannas Fostaíochta chun conhionannas a chur chun cinn agus chun dul i ngleic le hidirdhealú in eagraíochtaí agus sa tsochaí.

www.equality.ie

An tÚdarás Sláinte agus Sábháilteachta

Is é an tÚdarás Sláinte agus Sábháilteachta an comhlacht státurraithe a bhfuil freagracht aige le sábháilteacht, sláinte agus leas sa láthair oibre a dhaingniú.

www.hsa.ie

An Chúirt Oibreachais

Soláthraíonn an Chúirt Oibreachais seirbhís saor, chuimsitheach do réiteach díospóidí a bhaineann le caidreamh tionsclaíoch, comhionannas, eagrú ama oibre, an t-íosphá náisiúnta, obair pháirtaimseartha agus obair théarma sheasta.

www.labourcourt.ie

An Coimisiún um Chaidreamh Oibreachais

Spreagann an Coimisiún um Chaidreamh Oibreachais (LRC) fostóirí agus ceardchumainn úsáid a bhaint as modhanna comhairliúcháin agus idirbheartaíochta le díospóidí a réiteach a d'fhéadfadh a theacht chun solais i bhfostaíochtaí aonair.

www.lrc.ie

Coimisinéirí um Chearta

Feidhmíonn na Coimisinéirí um Chearta mar sheirbhís den LRC agus iad neamhspleách ina bhfeidhmeanna. Imscrúdaíonn Coimisinéirí um Chearta díospóidí, gearáin agus éilimh a chuireann daoine aonair nó grúpaí beaga oibrithe ar aghaidh faoin reachtaíocht seo a leanas.

www.lrc.ie

An Bord Pinsean

Déanann an Bord Pinsean monatóireacht ar Acht na bPinsean; cosnaíonn leasanna ball scéim na bpinsean i gcomhlachtaí agus ranníocóirí PRSA; agus spreagann soláthar pinsean. 

www.pensionsboard.ie

Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim

Is é ról na gCoimisinéirí Ioncaim cánacha agus dleachtanna a mheas agus a bhailiú.

www.revenue.ie

Cód Cleachtais le stádas Fostaíochta nó Féin-Fhostaíochta an duine aonair a dhearbhú.

An Roinn Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh

Is í an Roinn Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh an Roinn Rialtais atá freagrach as sochaí chombhách a chur chun cinn trí rochtain a chinntiú do thacaíocht ioncaim agus seirbhísí eile, a éascaíonn rannpháirtíocht ghníomhach a chuireann cuimsiú sóisialta agus tacaíocht teaghlach chun cinn.

www.welfare.ie

Ionad Cearta na nImirceach in Éirinn

Is eagraíocht náisiúnta é Ionad Cearta na nImirceach in Éirinn a phléann le cearta spailpíní fánacha agus a dteaghlaigh.

www.mrci.ie

Ionaid Shaora Chomhairle Dhlí

Is eagraíocht dheonach í Ionaid Shaora Chomhairle Dhlí (FLAC) a bhíonn i mbun feachtais le rochtain chothrom do cheartas a bhaint amach agus í in aghaidh eisiaimh shóisialta agus eacnamaíoch. Tairgeann sí eolas agus comhairle bunúsach saor in aisce dóibh siúd nach bhfuil in ann acmhainní dlí a rochtain seachas sin.

www.flac.ie

Gníomhaireacht Mhonatóireachta an Tionscail Foirgníochta (CIMA)

Déanann CIMA monatóireacht ar chomhlíonadh scéime pinsean an tionscail foirgníochta. 

www.monagency.ie

An tÚdarás um Shlándáil Phríobháideach

Is é an tÚdarás um Shlándáil Phríobháideach (PSA), a bunaíodh de dhun an Achta um Sheirbhísí Slándála Príobháideacha 2004, an comhlacht reachtúil a bhfuil freagracht aige an tionscal slándála príobháidí in Éirinn a cheadúnú agus a rialú.

www.psa.gov.ie

An Ghníomhaireacht Náisiúnta do Thomhaltóirí (NCA)

Bunaíodh an Ghníomhaireacht Náisiúnta do Thomhaltóirí (NCA) ar 1 Bealtaine 2007 agus chomhchuimsigh cumhachtaí a réamhtheachtaí, Oifig an Stiúrthóra Gnóthaí Tomhaltóirí (ODCA). Tá sé mar aidhm ag an NCA cosaint tomhaltóirí a chinntiú agus comhairle a thabhairt do ghnóthais maidir lena ndualgais faoi dhlí tomhaltóirí agus sábháilteachta táirgí.

www.nca.ie

InjuriesBoard.ie

Is comhlacht neamhspleách rialtais é InjuriesBoard.ie a dhéanann measúnú ar an méid chúitimh dlite do dhuine ar bhain gortú pearsanta dó/di.

www.injuriesboard.ie