Obair a leanfaidh iniúchadh
Tar éis iniúchta déanfaidh Seirbhísí Iniúchta NERA teagmháil leis an bhfostóir i scríbhinn le cur in iúl toradh an iniúchta dóibh. Is féidir go mbeidh toradh ann ar dhóigh amháin mar iad seo a leanas.
- Go ginearálta, má bhí sáruithe sainaitheanta, is féidir le Seirbhísí Iniúchta NERA ceann amháin, nó níos mó, de na gníomhaíochtaí seo a leanas a dhéanmah:
- Litir a chur chuig an bhfostóir ag iarraidh orthu na sáruithe a réiteach.
- An cheist a chur ar aghaidh chuig Seirbhísí Dlí le haghaidh ionchúisimh
- Iniúchadh eile a dhéanamh
- Má tá riaráistí tuarastail le híoc d’fhostaithe, táthar ag súil go gcuirfidh an fostóir deimhniú comhlíonta ar aghaidh i scríbhinn móide fianaise gur rinneadh íocaíocht don fhostaí/do na fostaithe ina dhiaidh sin, taobh istigh de mhí. Ag brath ar imthosca is féidir an spriocam seo de mhí a shíneadh más féidir leis an bhfostóir leiriú don chigire go bhfuil imthosca áirithe do neamhchomlíonadh an spriocdháta bunaidh.
- Mura bhfreagraíonn an fostóir (nó má thugtar freagra neamhleor) is féidir go mbeidh dara iniúchadh ann agus fógra a chuireann in iúl go gcuirfear aon sárú (nua nó leantach) ar aghaidh chuig Seirbhísí dlí le haghaidh ionchúisimh