Soláthraíonn an Caomhaontú Comhpháirtithe Naisiúnta, Towards 2016 do comhordú níos mó idir eagraíchtaí a bhaineann le comhlíonadh cearta fostaíochta.
Go háirithe, soláthraíonn sé go ndéanfaidh Cigirí NERA ceangal leis an Roinn Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh agus Coimisinéirí Ioncaim le comhobair a dhéanamh in Aonaid Chomhiniúchta (JUIanna). Tá sé mar ról ag na JUIanna tabhairt faoi na réimsí mar a leiríonn fianaise go bhfuil neamhchomhlíonadh ann.
Soláthraíonn an tAcht Leasa Shóisialaigh agus Pinsean, 2007, a tháinig i bhfeidhm ar 30 Márta, 2007, do mhalartú sonraí cuí fostaíochta idir na Coimisinéirí Ioncaim, an tAire Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh agus an tAire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta.
Cuireann an malartú faisnéise seo le gníomhaíocht chigirí, ionchúisimh agus forfheidhmithe ó lá go lá taobh istigh de NERA. Ghlac cigirí NERA páirt freisin i gcomhiniúchtaí lei cigirí ón Roinn Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh agus ón gCoimisinéirí Ioncaim, agus leanfaidh siad ar aghaidh le hiniúchtaí mar sin sa todhchaí.
Dearadh an tAcht um Chosaint Daoine Óga (Fostaíocht), 1996, le sláinte oibrithe óga a chosaint, Agus le cinnte a dhéanamh de nach gcuireann obair a rinneadh le linn na scoilbhliana a gcuid oideachais i mbaol. Leagann an dlí teoranta aoise íosta d'fhostaíocht, tréimhsí scíthe agus uaireanta oibre uasmhéid amach, agus coscann fostaíocht daoine faoi 18 bliain d’aois ar obair mall san oíche. Caithfidh fostóirí freisin taifid áirithe a choinneáil ar oibrithe faoi 18 bliain d’aois.
Go ginearálta, coscann an dlí fostaíocht de phaistí faoi 16. Ach, is féidir le fostóirí paistí 14 agus 15 a fhostú
Gliogáil anseo le treoir úsáideach ar an Acht um Chosaint Daoine Óga (Fostaíocht) 1996 a fháil.
Is féidir le páistí (i.e. faoi 16) a bheith fostaithe in obair chultúrtha, ealaíonta, spóirt nó fógraíochta nach bhfuil dochrach dá sábháilteacht, sláinte nó bhforbairt, agus nach gcuireann isteach ar a bhfreastal ar scoil, treoir gairmiúil nó clair oiliúna nó a gcumas le tairbhe a bhaint as an teagasc faighte.
Leis sin a dhéanamh is gá cead a fháil trí cheadúnas eisithe ar son an Aire Fiontar, Trádála agus Foastaíochta.. De ghnáth is iad na gníomhaíochtaí mar fhógraí teilifíse nó scannáin ina bhfuil gá do pháistí a bheith ann iad siúd ar a mbíonn iarratais do cheadúnais. Leagann an ceadúnas na coinníollacha amach maidir le paistí a fhostú, mar na coinníollacha ginearálta faoi chead tuistí, maoirseacht agus socruithe oideachais, agus na huaireanta oibre uasmhéid agus sosanna íosmhéid a bhaineann le gach grúpa. Ba chóir don fhostóir iarratas scríofa a dhéanamh do cheadúnas 21 lá ar a laghad roimh thús na fostaíochta. Ba chóir iarratais a chur chuig: An Rannóg Cheadúnaithe um Fhostú Dhaoine Óga, An tÚdarás Náisiúnta Cearta Fostaíocht, Bóthar Uí Bhriain, Ceatharlach.