An dóigh an ndéantar Iniúchadh
Fógra
Déanann cigirí NERA iniúchtaí “fógraithe” agus “neamhfhógraithe”.
- I gcás de ‘iniúchtaí fógraithe’, déanfaidh an cigire teagmháil leis an bhfostóir trí litir a chur nó scairt ghúthaín a dhéanamh chun cur in iúl don bhfostóir go bhfuil rún ann iniúchadh ar a ngnó maidir le comhlíonadh cearta fostaíochta agus gur gá na hullmhúcháin riachtanacha a dhéanamh leis an iniúchadh a éascú.
- I gcás de ‘iniúchtaí neamhfhógraithe’, tagann an cigire chuig an láthair ghnó agus iarann soláthar na dtaifead cuí.
An tIniúchadh
Ag tús aon iniúchta, déanann an cigir sainaitheant air/uirthi féin, taispeánann a n-údarú, aitheantas fótagrafach ina measc, agus míníonn don bhfostóir cuspóir an iniúchta. I gcásanna áirithe, b'fhéidir go mbeadh níos mó ná cigire amháin de dhíth leis an iniúchadh a dhéanamh.
Agus iniúchadh á dhéanamh, tá ról ag an gcigirer:
- Ainm(neacha) an duine/na ndaoine a choinníonn agus a nuashonraíonn na taifid a dhearbhú
- Na taifid a scrúdú le fáil amach an gcomhlíonann siad an reachtaíocht bhainteach chearta fhostaíochta
- Rátaí pá a dhearbhú maidir le gach fostaí ó na huainchláir agus na taifid curtha ar fáil
- Cur in iúl don bhfostóir le linn an iniúchta aon sárú den reachtaíocht a bhí sainaitheanta
- Agallaimh a chur ar fhostaithe (b’fhéidir).
Maireann iniúchadh 2-3 uair an chloig de ghnáth. Braitheann fad an iniúchta ar roinnt tosca, ina measc méid an ghnó agus méid agus cáilíocht na dtaifead.