Seirbhísí Iniúchta

Suíomh

Tá Seirbhísí Iniúchta NERA réigiúnaithe. Tá ceanncheathrú Seirbhísí Iniúchta agus oifigí fo-réigiúnacha an Láir Tíre agus an Oirdheiscirt suite i gCeatharlach agus oifigí breise fo-réigiúnacha in:

Baile Átha Cliath Thoir Theas

Sligeach Thoir Theas

An tSionnain Thiar-Meán

Corcaigh Theas

Soláthar Foirne

Beidh iomlán de 90 cigire ag NERA, comhdhéanta de 12 Cigire-Bainisteoir Foirne agus 78 cigire.

Tuairiscíonn na Cigirí-Bainisteoirí Foirne do na Bainisteoirí, Seirbhísí Iniúchta a bhfuil freagrachtaí acu d’oibríochtaí, straitéis, agus pleanáil taobh istigh dá réigiúnacha áirithe (an Réigiún Thuaidh agus an Réigiún Theas). 

Tá freagracht iomlán do Sheirbhísí Iniúchta ag Ceannaire na Seirbhísí Iniúchta, a thuairiscíonn don Stiúrthóir. 

Tugann Ceannaire Gnóthaí Dlí agus Cuntasóir tacaíocht do Sheirbhísí Iniúchta maidir le hoibríochtaí agus straitéis. 

Tá Ceannaire Seirbhísí Iniúchta, Bainisteoirí Seirbhísí Iniúchta, Ceannaire Gnóthaí Dlí agus Cuntasóir údaraithe freisin chun iniúchtaí a dhéanamh maidir le reachtaíocht chearta fhostaíochta. 
 
Cumhachtaí
Tagann cumhachtaí NERA ón reachtaíocht seo a leanas:

 
Tá na cumhachtaí seo a leanas, go ginearálta, ag cigirí faoin reachtaíocht thuas:

  • Dul isteach i bhfoirgnimh ag am ar bith réasúnta
  • Éileamh taifid a fheiceáil
  • Iniúchadh a dhéanamh ar thaifid
  • Cóipeann taifead a ghlacadh
  • Agalllamh a chur ar aon duine bainteach agus iarraidh eolas uathu

Le gearán a dhéanamh chuig Seirbhísí Iniúchta NERA, íoslódáil agus líon isteach ár Inspection Services Complaint Form
 



Cosaint Daoine Óga

Dearadh an tAcht um Chosaint Daoine Óga (Fostaíocht), 1996, le sláinte oibrithe óga a chosaint, Agus le cinnte a dhéanamh de nach gcuireann obair a rinneadh le linn na scoilbhliana a gcuid oideachais i mbaol. Leagann an dlí teoranta aoise íosta d'fhostaíocht, tréimhsí scíthe agus uaireanta oibre uasmhéid amach, agus coscann fostaíocht daoine faoi 18 bliain d’aois ar obair mall san oíche. Caithfidh fostóirí freisin taifid áirithe a choinneáil ar oibrithe faoi 18 bliain d’aois.

Go ginearálta, coscann an dlí fostaíocht de phaistí faoi 16. Ach, is féidir le fostóirí paistí 14 agus 15 a fhostú

  • Le linn na laethanta saoire scoile
  • Go páirtaimseartha le linn an téarma scoile (os cionn 15 years amháin le suas go 8 n-uair an chloig)
  • Mar chuid de thaithí oibre ceadaithe nó clár oideachais mura bhfuil an obair dochrach dá sábháilteacht, sláinte nó bhforbairt.

Gliogáil anseo le treoir úsáideach ar an Acht um Chosaint Daoine Óga (Fostaíocht) 1996 a fháil.

Is féidir le páistí (i.e. faoi 16) a bheith fostaithe in obair chultúrtha, ealaíonta, spóirt nó fógraíochta nach bhfuil dochrach dá sábháilteacht, sláinte nó bhforbairt, agus nach gcuireann isteach ar a bhfreastal ar scoil, treoir gairmiúil nó clair oiliúna nó a gcumas le tairbhe a bhaint as an teagasc faighte.   

Leis sin a dhéanamh is gá cead a fháil trí cheadúnas eisithe ar son an Aire Fiontar, Trádála agus Foastaíochta.. De ghnáth is iad na gníomhaíochtaí mar fhógraí teilifíse nó scannáin ina bhfuil gá do pháistí a bheith ann iad siúd ar a mbíonn iarratais do cheadúnais. Leagann an ceadúnas na coinníollacha amach maidir le paistí a fhostú, mar na coinníollacha ginearálta faoi chead tuistí, maoirseacht agus socruithe oideachais, agus na huaireanta oibre uasmhéid agus sosanna íosmhéid a bhaineann le gach grúpa. Ba chóir don fhostóir iarratas scríofa a dhéanamh do cheadúnas 21 lá ar a laghad roimh thús na fostaíochta. Ba chóir iarratais a chur chuig: An Rannóg Cheadúnaithe um Fhostú Dhaoine Óga, An tÚdarás Náisiúnta Cearta Fostaíocht, Bóthar Uí Bhriain, Ceatharlach.