Seirbhísí Faisnéise

Is é ról na Seirbhísí Faisnéise den Údarás Náisiúnta Cearta Fostaíochta (NERA) eolas saor ina aisce neamhlaofa ar chearta fostaíochta in Éirinn a sholáthar d’fhostóirí, fostaithe agus páirtithe leasmhara eile.  

Is féidir teagmháil a dhéanamh le Seirbhísí Faisnéise NERA’s ar dhóigheanna éagsúla:

  • Oibríonn NERA beolíne eolais lo-call*  - 1890 80 80 90, ó 9.30rn go 5.00in le linn na seachtaine. Trí scairt a chur ar an uimhir seo is féidir leat labhairt le ball dár bhfoireann tiomnaithe faoi do cheisteanna cearta fostaíochta.  
  • Is féidir le NERA ceisteanna scríofa a fhreagairt freisin. Is féidir leat r-phost a chur trí ghliogáil ar an nasc seo, nó is féidr leat scríobh chugainn ag Seirbhísí Faisnéise, An tÚdarás Náisiúnta Cearta Fostaíochta, Bóthar Uí Bhriain, Ceatharlach.  
  • Is féidir le Seirbhísí Faisnéise NERA léirithe a dhéanamh agus a bheith i láthair ag imeachtaí ar fud na tíre. Le tuilleadh eolais a fháil ar an áit a mbeidh seirbhísí faisnéise NERA sa todhchaí téigh chuig ár nuacht is déanaí agus imeachtaí le teacht.

Tá NERA tiomanta le gach seirbhís acu a dhéanamh inrochtana agus le cinnte a dhéanmah de go bhfuil a eolas ar fáil i bhformaid inrochtana. Le tuilleadh eolais a fháil féach le do thoil ár mbeartas inrochtaineachta.

Seirbhísí Faisnéise NERA

Lo-Call 1890 80 80 90

* Ta rátaí do scairt chaighdeánach i bhfeidhm. D’fhéadfadh oibreoirí gúthán soghluaiste a bheith difriúil.