Seirbhísí Forfheidhmithe agus Ionchúisimh

An tAonad Seirbhísí Ionchúisimh

Ionchúsimh a thagann ó Sheirbhísí Iniúchta NERA. Nuair a sainaithníodh sárú sa reachtaíocht Chearta Fostaíocht tá sé mar phríomhról ag Seirbhísí Iniúchta NERA comhlíonadh leis an reachtaíocht agus réiteach ar an sárú a chuardach. Áiríonn sé seo sásamh do na fostaithe bainteacha agus íocaíocht d’aon riaráistí dlite. 

In imthosca áirithe, lena n-áirítear má theipeann ar an bhfostóir an chesit a réiteach, nuair a sainaithníodh sáruithe den Acht um Chosaint Daoine Óga (Fostaíocht) 1996 nó nuair a sainaithníodh sáruithe dáiríre den reachtaíocht chearta fhostaíochta, cuireann Seirbhísí Ionchúisimh NERA an cás ar aghaidh chuig Oifig Phríomhdhlíodóra an Stáit le tús a chur le hionchúiseamh sna Cúirteanna, de réir a gcomhairle.

Ionchúiseamh ó chomhlachtaí eile

Ina theannta sin thuas, cuireann Seirbhísí Ionchúisimh NERA cásanna ar aghaidh le haghaidh ionchúisimh ón CIMA (Gníomhaireacht Mhonatóireachta an Tionscail Foirgníochta), CWPS (Scéim Phinsin na nOibrithe Foirgníochta) agus CIF (Cónaidhm an Tionscail Foirgníochta). 

An tAonad Seirbhísí Forfheidhmithe

Is féidir leis an Aonad Seirbhísí Forfheidhmithe deimhniú ón gCúirt Oibreachais nó ón mBinse Achomhairc Fostaíochta a iarraidh le bheith curtha tríd na Seirbhísí Cúirteanna in imthosca áirithe. 

Go ginearálta, nuair a dhéantar dámhachtain i bhfabhar fostaithe, tá sé seachtain ag an bhfostóir é a chur i bhfeidhm. Má theipeann ar an bhfostóir é seo a dhéanamh taobh istigh den tréimshe sin, is féidir leis an bhfostaí nó le ceardchumann an fhostaithe iarratas a dhéanamh chuig na Cúirteanna d’ordú a ordaíonn an fostóir an cinneadh a chur i bhfeidhm. Mura bhfuil siad in ann é seo a dhéanamh is féidir leo an cheist a chur ar aghaidh chuig an Aonad Seirbhísí Forfheidhmithe, a d’fhéadfadh in imthosca áirithe, iarratas a dhéanamh chuig na Cúirteanna ar a son.