An Bord Comhairleach
D’fhógair an tAire Gnóthaí Saothair Billy Kelleher TD ceapachán de bhaill de Bhord Comhairleach an Údaráis Náisiúnta Cearta Fostaíochta ar 14 Aibreán 2008.
Is iad príomhfheidhmeanna an Bhoird, mar atá leagtha amach i rannáin 19 go 22 de Bhille Géilliúlachta Dlí Fostaíochta comhairle a thabhairt do NERA ar:
- Ceisteanna a bhaineann le comhlíonadh le agus forfheidhmiú de reachtaíocht fhostaíochta, soláthar eolais san áireamh
- Gnéithe de chlár oibre agus ráiteas straitéise NERA
- Seachadadh de sheirbhís chustaimeirí ardchaighdeáin
- Tograí do thaighde, suirbheanna agus staidéir
Bunaítear an Bord Comhairleach ar bhonn eatramhach roimh chur i bhfeidhm molta an Bhille níos déanaí sa bhliain, agus ina dhiaidh sin beidh an Bord Comhairleach ar bhonn reachtúil. Ní bheidh feidhm ag an mBord maidir le cásanna aonair a bhfuil baint ag NERA leo.
Is iad baill an Bhoird:
- Cathaoirleach – An tUasal John Dennehy, iarionadaí poiblí
Ainmnithe an Aire
- Stella Skowronska Uas., comhordaitheoir agus múinteoir an chúrsa teanga
- An tUasal John Walsh, iar-Rúnaí Cúnta, An Roinn Fiontar, Trádála agus Fostaíochta
- An tUasal Jimmy Somers, iar-Uachtaran Ginearálta SIPTU agus Ball Fheidhmiúcháin agus Cisteoir ICTU.
Daoine ainmnithe ag eagraíochtaí ionadaíoch d’fhostaithe
- Patricia King Uas., Oifigeach Náisiúnta, SIPTU
- Linda Tanham Uas., Rúnaí Ginearálta Cúnta, Mandate
- An tUasal Owen Wills, Rúnaí Ginearálta, TEEU
Daoine ainmnithe ag eagraíochtaí ionadaíoch d’fhostóirí
- Mary Cryan, Stiúrthóir HR, Brown Thomas Group
- An tUasal John Flanagan, Ceannaire Brainsí agus TE, Educational Building Society
- An tUasal Eddie Keenan, Stiúrthóir IR, Seirbhísí Fostaíochta agus Daonchumhachta, Cónaidhm an Tionscail Foirgníochta