Téarmaí Fostaíochta

Soláthraíonn an tAcht um Théarmaí Fostaíochta (Faisnéis) 1994 gur gá d’fhostóir ráiteas scríofa a sholáthar dá bhfostaithe ar théarmaí agus coinníollacha a bhaineann lena bhfostaíocht taobh istigh de dhá mhí ó thús na fostaíochta. Is gá iad seo a leanas a bheith san áireamh:
  • Ainmneacha iomlána an fhostóra agus an fhostaithe  
  • Seoladh an fhostóra
  • Láthair oibre, nó mura bhfuil príomhláthair oibre ann, ráiteas a léiríonn go bhfuil gá do nó cead ag fostaí a bheith ag obair in áiteanna éagsúla
  • Teideal poist nó nádúr na hoibre
  • Dáta tosaithe na fostaíochta
  • Má tá an conradh sealadach, fad ionchais na fostaíochta
  • Má tá an conradh do théarma seasta, dáta as feidhm an chonartha
  • An ráta pá nó an modh le pá a áireamh
  • Cé acu seachtainiúil, míosúil nó eile an pá
  • Téarmaí nó coinníollacha a bhaineann le huaireanta oibre, ragoibre san áireamh
  • Téarmaí nó coinníollacha a bhaineann le saoire le pá (seachas saoire bhreoiteachta le pá)
  • Téarmaí nó coinníollacha a bhaineann le neamhchumas d’obair mar gheall ar thinneas nó gortú
  • Téarmaí nó coinníollacha a bhaineann le pinsin agus scéimeanna pinsin
  • Tréimhsí fógra mó modh le tréimhsí fógra a dhearbhú
  • Tagairt d’aon chomhaontuithe comhchoiteanna a bhfuil tionchar ar na téarmaí fostaíochta acu

Le tuilleadh eolais a fháil, íoslódáil ár dtreoirleabhar Terms of Employment (Information) Act, 1994 and 2001.

Lean an nasc chuig an reachtaíocht bhainteach; An tAcht um Théarmaí Fostaíochta (Faisnéis) 1994.



Is féidir gearáin maidir le Téarmaí Fostaíochta a dhéanamh chuig an tSeirbhís Choimisinéara Chearta.