Cad iad na freagrachtaí atá agam?

Mar fhostóir, tá tú freagrach as cinnte a dhéanamh de go bhfaigheann d’fhostaithe go léir cearta bunúsacha áirithe fostaíochta. Cé go bhfuil riachtanas ag roinnt tionscal go gcomhlíonann fostóirí riachtanais éagsúla, léiríonn an liosta seo a leanas an teidlíocht íosmhéid do gach fostaí.
  • Ráiteas scríofa de théarmaí agus coinníollacha fostaíochta. Cé nach gá an conradh iomlán a bheith i scríbhinn, ba chóir go mbeadh téarmaí agus coinníollacha áirithe fostaíochta breactha síos i scríbhinn taobh istigh de dhá mhí ó thosaigh an fostaí san fhostaíocht. Bheadh an modh le pá a áireamh san chomh maith le cé acu an bhfuil scéim phá breoiteoireachta i bhfeidhm san áireamh de ghnáth. (Maidir le fostaithe ar théarma seasta bheadh sonraí san áireamh freisin ar an dóigh a dtiocfaidh deireadh lena bhfostaíocht.)
  • Ráiteas scríofa pá nó ‘duillín pá’.
  • Ba chóir go leagfadh an duillín pá ollphá amach chomh maith le gach asbhaint uaidh.  
  • Íosphá
  • Tá an chuid is mó d’fhostaithe fásta a bhfuil taithí acu in Éirinn i dteideal pá ag €8.65 in aghaidh na huaire. Tá roinnt eisceachtaí, áfach, don íosphá, maidir leo siúd atá fostaithe ag garghaolta, iad siúd faoi 18 bliain d’aois agus daoine faoi oiliúint nó printísigh.  
  • Tá tionscail áirithe in Éirinn mar a bhfuil íosphá níos airde i bhfeidhm, ina measc an tionscal foirgníochta. Tá tuilleadh eolais ar na tionscail seo le fáil ónár leathanaigh a bhaineann le tionscail áirithe.  
  • Seachtain oibre uasmhéid de 48 uair an chloig sa tseachtain
  • Tá an tseachtain 48 uair an chloig uasmhéid bunaithe ar mheán atá áirithe thar thréimhsí de cheithre mhí, sé mhí nó dhá mhí déag, ag brath ar an tionscal. Caithfidh fostóirí taifead a choinneáil ar na huaireanta oibre a dhéanann fostaí.  
  • Sosanna gan phá le linn uaireanta oibre
  • Tá ceart ag fostaithe do shos 15 nóméad má oibríonn siad ar feadh ceithre uair go leith, agus sos 30 nóiméad má oibríonn siad ar feadh sé uair an chloig.  
  • Saoire bhliantúil ón obair
  • Tá teidlíocht ag oibrithe lánaimseartha do cheithre sheachtain de shaoire bhliantúil le pá gach bliain. Tá teidlíocht ag oibrithe páirtaimseartha do mhéid chionmhar de shaoire bhliantúil bunaithe ar an méid oibre a dhéanann siad.  
  • Íosmhéid fógra roimh dhífhostú
  • Tá oibrithe i dteideal íosmhéid fógra má chríochnaíonn a bhfostaíocht. Tá an t-íosmhéid fógra ag brath ar fhad na seirbhíse atá acu.  
  • Mar fhostóir, tá sé tábhachtach go gcoinníonn tú taifid maidr le d'fhostaithe agus a gcuid teidlíochtaí agus is é do leas é a dhéanamh. Trí na taifid seo a choinneáil beidh tú ullmhaithe má thagann cigire NERA agus soláthraíonn sé fianaise go gcomhlíonann tú reachtaíocht chearta fhostaíochta.