Mar gheall ar Shaoire don Chúramóir tá fostaí in ann cúram agus aire lánaimseartha a sholáthar go pearsanta do dhuine amháin do thréimhse íosmhéid reachtúíl de 13 seachtain suas go huasmhéid de 104 seachtain.
Tá aon fhostaí ag a bhfuil 12 mhí sheirbhís leanúnach ar a laghad acu i dteideal Shaoire don Chúramóir má bheartaíonn siad cúram a sholáthar do dhuine agus má mheasann an Roinn Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh go bhfuil riachtanas ag an duine do chúram agus aire lánaimseartha.
Le tuilleadh eolais a fháil íoslódail ár dtreoirleabhar ar Carer's Leave Act, 2001
Lean an nasc chuig an reachtaíocht bhainteach; An tAcht um Théarmaí Fostaíochta 1994.
Le tuilleadh eolais a fháil lean an nasc chuig an Acht um Shaoire do Chúramóirí, 2001.
Is féidir gearáin a dhéanamh maidir le Saoire don Chúramóir chuig an tSeirbhís Choimisinéara Chearta.