Saoire Bhliantúil agus Laethanta Saoire Poiblí

Tuilleann gach fostaí, idir pháirtaimseartha, lánaimseartha, shealadach nó ócáideach teidil shaoire bhliantúil ón am a dtosaíonn a bhfostaíocht. Tá an chuid is mó de na fostaithe i dteideal cheithre sheachtain shaoire bhliantúil le pá in aghaidh na bliana.

Dearbhaíonn d’fhostóir amú do shaoire bhliantúil, ag cur san áireamh riachtanais oibre agus phearsanta agus ba chóir dóibh dul i gcomhairle leat nó le do cheardchumann roimh ré. Caithfear pá don saoire a thabhairt roimh ré agus é áirithe ag an ngnáthráta seachtainiúil.

Laethanta Saoire Poiblí

Bíonn naoi lá saoire poiblí gach bliain:

  1. Lá Caille
  2. Lá Fhéile Pádraig
  3. Luan na Cásca
  4. An chéad Luan i mBealtaine
  5. An chéad Luan i Meitheamh
  6. An chéad Luan i Lúnasa
  7. An Luan deireanach i nDeireadh Fómhair
  8. Lá Nollag
  9. Lá Fhéile Stiofáin

Má thiteann an saoire ar lá ina mbíonn tú ag obair de ghnáth, tá tú i dteideal de cheann amháin seo a leanas:

  • Lá saor ar an saoire le pá
  • Lá saor le pá taobh istigh de mhí
  • Pá breise lae
  • Lá breise saoire bhliantúil

Má thiteann an lá saoire poiblí ar lá nach mbíonn tú ag obair ann de ghnáth, tá tú i dteideal d’aon chúigiú do ghnáth-thuarastail sheachtainiúil don lá sin.

Má iarrtar ort oibriú ar an lá saoire poiblí, tá tú i dteideal de cheann amháin seo a leanas;

  • Pá breise lae
  • Lá saor le pá taobh istigh de mhí ón lá
  • Lá breise saoire bhliantúil le pá

Tá fostaithe páirtaimseartha cáilithe do theidlíocht shaoire phoiblí a fhad is go bhfuil 40 uair an chloig oibre déanta acu le linn na gcúig seachtaine a chríochnaíonn ar an lá roimh lá saoire poiblí.

Le tuilleadh eolais a fháil íoslódáil ár dtreoirleabhar ar Laethanta Saoire agus Laethanta Saoire Poiblí

Lean an nasc chuig an Acht um Am Oibre.

Is féidir gearáin a dhéanamh maidir le saoire bhliantúil agus laethanta saoire poiblí chuig an tSeirbhís Choimisinéara Chearta.