Pá / Tuarastal

Duillíní Pá

Tá gach fostaí i dteideal duiilín pá a fháil le gach íocaíocht tuarastail. Ba chóir don duillín ollphá seo (pá roimh asbhaintí) a thaispeáint chomh maith le nádúr agus méid gach asbhainte. 

Asbhaintí

Tá cead ag fostóir na hasbhaintí seo a leanas a dhéanamh ó thuarastal fostaithe:

Aon asbhaint de dhíth ar nó ceadaithe ag dlí (e.g. PAYE nó PRSI) Aon asbhaint ceadaithe ag téarma chonradh an fhostaithe (m.sh. ranníocaíochtaí pinsin, nó ganntanais áirithe scipéad airgid) Aon asbhaint comhaontaithe roimh ré i scríbhinn ag an bhfostaí (m.sh. síntiús árachas sláinte, síntiús ballraíochta club spóirt agus sóisialta) 

Le tuilleadh eolais a fháil íoslódáil ár dtreoirleabhar ar Payment of Wages Act, 1991.

Lean an nasc chuig an reachtaíocht bhainteach; Acht um Íocaíocht Tuarastail, 1991.

Is féidir gearáin maidir le pá nó le hasbhaintí a dhéanamh chuig an tSeirbhís Choimisinéara Chearta