Is fostaí téarma seasta é duine atá fostaithe faoi chonradh ina bhfuil dáta áirithe tosaigh agus deiridh, nó atá fostaithe chun tasc nó tionscadal áirithe a dhéanamh, nó má bhraitheann leanúnachas an chonartha ar imeacht ar leith mar fháil ar mhaoiniú leanúnach ó fhoinse seachtrach.
Ní féidir le fostaithe fanacht ar shraith de chonarthaí téarma seasta gan chríoch. Má fhabhraíonn fostaí a chuaigh i bhfostaíocht roimh 14 Iúil 2003 seirbhís leanúnach de thrí bliana mar fhostaí téarma seasta, nuair a bhíonn conradh an fhostaithe sin le hathnuachan ar nó tar éis 14 Iúil 2003, ní féidir ach conradh téarma seasta amháin eile a thairiscint dó/di. Ní féidir leis an athnuachan seo ar bhonn téarma seasta breise a bheith do thréimhse de níos mó ná bliain. Ina dhiaidh seo, más toil an fhostóra é go leanfaidh an fostaí ar aghaidh, is gá a dhéanamh le conradh de mharthanacht gan chríoch.
Má bhí dhá cheann nó níos mó de chonradh téarma seasta ag fostaí a chuaigh i bhfostaíocht ar bhonn téarma seasta ar nó tar éis 14 Iúil, ní rachaidh comh-mharthanacht na gconarthaí thar thréimhse de cheithre bliana. Ina dhiaidh seo, más toil an fhostóra é go leanfaidh an fostaí ar aghaidh, is gá a dhéanamh le conradh de mharthanacht gan chríoch.
Le tuilleadh eolais a fháil íoslódail ár dtreoirleabhar ar Protection of Employees (Fixed-Term Work) Act,2003
Lean an nasc chuig an reachtaíocht bhainteach; An tAcht Oibre um Chosaint Fostaithe (Téarma Seasta) 2003.
Is féidir gearáin maidir le conarthaí téarma seasta a dhéanamh chuig an tSeirbhís Choimisinéara Chearta.