Tá dualgas ar fhostaithe agus fhostóirí fógra a thabhairt i gcás foirceanta fostaíochta.
Tá dualgas ar fhostaithe a bhí i bhfostaíocht leanúnach ar feadh 13 seachtain ar a laghad fógra seachtaine ar a laghad d’fhoirceannadh fostaíochta a thabhairt dá bhfostóir. Má bhíonn méid níos mó fógra sonraithe i gconradh fostaíochta an fhostaithe, is gá, mar sin, an fógra seo a thabhairt.
Caithfidh fostóirí fógra a thabhairt d’fhostaithe a brath ar fhad seirbhíse an fhostaithe.
| Fad Seirbhíse | Fógra Íostréimhse |
|---|---|
| 13 seachtain go dhá bhliain |
Seachtain |
| 2 go 5 bliana |
Dhá Sheachtain |
| 5 go 10 mbliana | Ceithre Sheachtain |
| 10 go 15 bliain | Sé Sheachtain |
| Níos mó ná 15 bliain | Ocht Seachtain |
Mura bhfuil dualgas ar an bhfostaí aon chuid dá bhfógra a oibriú, tá dualgas ar an bhfostóir an fostaí a íoc as an dtréimhse sin.
Le tuilleadh eolais a fháil íoslódáil ár Guide to Labour Law.
Lean an nasc chuig an reachtaíocht bhainteach; Fógra Íostréimhse agus an tAcht um Théarmaí Fostaíochta, 1973.
Is féidir gearáin maidir le Fógra Íostréimhse a dhéanamh chuig a mBinse Achomhairc Fostaíochta.