ERO maidir le hUiscí Aeraithe agus Buidéalú Mórdhíola

Feidhmiú

Baineann an ERO seo le gach fostaí sa trádáil d'Uiscí Aeraithe agus Buidéalú Mórdhíola i róil ó dhéantúsaíocht de dheochanna áirithe alcólacha agus neamhalcólacha go dtí níochán buidéal, buidéalú, líonadh agus obair ullmhúcháin do dhíolachán soithí deochanna mar sin. Ní bhaineann sé le fostaithe faoi thionchar d’aon REA. Féach ERO le haghaidh sainmhínithe mionsonraithe ar gach catagóir clúdaithe.

Luach Saothair

Íosphá

Athraíonn rátaí íosphá ag brath ar an bhfuil an fostaí níos sine ná 18. Leagtar lánsonraí a bhaineann le rátaí reachtúla íosphá amach san ERO.

Rátaí Ragoibre

Tá gach fostaí i dteideal pá ragoibre le haghaidh uaireanta de bhreis ar 39 uair an chloig in aghaidh na seachtaine ag ráta d’am go leith. Cuirtear é seo i bhfeidhm seachas gach uair an chloig oibre a dhéantar ar an Domhnach agus ar laethanta saoire gnácha nó reachtúla agus gach uair an chloig oibre a dhéantar de bhreis ar 4 uair an chloig ar ghnáchlá saor, nuair a chuirtear am dúbailte i bhfeidhm.

Coiníollacha Fostaíochta

Uaireanta Oibre

Is 39 uair an chloig in aghaidh na seachtaine gnáthlíon na n-uaireanta oibre. Áirítear an tseachtain oibre thar cúig lá. Glacfar na laethanta saora ar an ngnáthlá gairid áitiúil, mura mbíonn comhaontú idir an fostóir agus an t-oibrí. Tá sé seo coinníollach freisin ar gach uair oibre déanta ag oibrí ar an lá seachtainiúil saor, agus meastar go bhfuil an Domhnach, na laethanta saoire gnácha agus reachtúla mar ragoibre freisin. Maidir le hoibrithe faoi 18, cuirtear na forálacha den Acht um Chosaint Daoine Óga (Fostaíocht), 1996 i bhfeidhm.  

Tréimhsí Scíthe

Tá gach fostaí i dteideal tréimhsí scíthe de réir forálacha den Acht um Eagrú Ama Oibre, 1997. Maidir le hoibrithe faoi 18, cuirtear na forálacha den Acht um Chosaint Daoine Óga (Fostaíocht), 1996 i bhfeidhm.

Laethanta Saoire

Tá saoire bhliantúil agus teidlíochtaí laethanta saoire poiblí de réir an Achta um Eagrú Ama Oibre, 1997.  

Scéim Phá Breoiteachta

Tá gach fostaí i dteideal le tairbhe a bhaint as Scéim ranníocach Phá Breoiteachta tar éis seirbhíse de bhliain ar a laghad le fostóir reatha s’acu. Tá oibrithe cáilithíocha i dteideal uasmhéid de shochar 15 seachtaine i mbliain féilire amháin maidir le tinneas deimhnithe go míochaine. Tá oibrithe i dteideal, mar sin, íocaíochta de €32.00 in aghaidh na seachtaine, faoi réir suim na sochar go léir, i.e. idir shochair Stáit agus chuideachta, nach mó ná bunráta pá pearsanta an duine, le linn neamhláithreachtaí mar gheall ar thinneas.  Maidir le fostaithe páirtaimseartha, cuirfear an sochar i bhfeidhm ar bhonn pro-rata. Níl aon teidlíocht chun pá a fháil sula mbíonn trí lá thart.

Chun tairbhe a bhaint as an scéim, caithfidh fostaithe íocaíocht uasmhéid seachtainiúil de €0.30 a dhéanamh, a d’fhéadfadh a bheith bainte as ag foinse (déanfar asbhaintí d’fhostaithe páirtaimseartha ar bhonn pro rata). Íocfaidh fostóirí dhá oiread ranníocaíocht na bhfostaithe, nó an méid sin a chinnteoidh an tairbhe.

Caithfidh fostaithe teastas sínithe ag lia a sholáthar faoin tríú lá de neamhláithreacht, a shonraíonn nádúr an tinnis. Má théann saoire bhreoiteachta thar an tréimhse deimhnithe i dtosach, beidh teastas eile riachtanach. Caithfidh fostaithe cinnte a dhéanamh de go bhuil an fostóir ar an eolas faoina neamhláithreacht roimh an ngnátham tosaithe ar an gcéad lá den neamhláithreacht.

Éagsúil

Soláthraíonn an ERO freisin do choinníollacha speisialta maidir le teidlíochtaí pá seirbhíse, modhanna dífhostaithe, tairbhe bás i seirbhís, teidlíochtaí agus scéim phinsin. Cáilíonn gach fostaí a bhfuil seirbhís leanúnach thrí bliana acu, idir 25 agus 55 bliain d’aois, do bhallraíocht na scéime pinsin. Féach ERO le haghaidh tuilleadh sonraí.