Baineann an ERO seo le hoibrithe slándála a sholáthraíonn seirbhís slándála, is é seirbhís de chineál slándála nó faireachais, agus cuspóir aici daoine agus foirgnimh a chosaint agus ceann amháin ar a laghad de na feidhmeanna san ERO a chomhlíonadh. Ní bhaineann sé le bainisteoirí, bainisteoirí cúnta agus bainisteoirí faoi oiliúint sa Tionscal Slándála nó le fostaithe clúdaithe ag Comhaontuithe Comhargála eile. Féach ERO le haghaidh sainmhínithe mionsonraithe ar gach catagóir clúdaithe. ("Baineann an ERO seo le hoibrithe slándála a sholáthraíonn seirbhís slándála (do chliaint chonartha a bhfostóirí), a chosnaíonn daoine nó foirgnimh agus a chomhlíonann ceann amháin ar a laghad de na feidhmeanna san ERO." )
Athróidh rátaí pá in aghaidh na huaire a brath ar fhad seirbhíse. Leagtar lánsonraí a bhaineann le rátaí reachtúla íosphá amach san ERO.
Tá fostaithe a bhfuil uaireanta oibre de bhreis ar mheán de 39 uair an chloig déanta acu i dtimthriall uainchlair i dteideal ráta pá am agus aon cheathrú maidir leis na chéad trí uair an chloig agus ráta am go leith ina dhiaidh sin. Maidir le ragoibre an Domhnaigh, tá fostaithe i dteideal pá ag ráta dúbailte an íosphá in aghaigh na huaire.
Tá táille Dhomhnaigh leagtha amach san ERO Slándála (maidir le huaireanta oibre ar an Domhnach mar chuid den timthriall uainchláir 39 uair an chloig). Féach ERO le sonraí a fháil air seo.
Tá fostaithe a oibríonn idir 9.00in agus 7.00rn i dteideal táille uaireanta neamhshóisialta, a fhad is go ndéanann siad trí uair an chloig oibre ar a laghad sa tréimhse sin. Féach ERO.
Beidh na fostaithe lena mbaineann an t-ordu, de reir Alt (4) den Acht um Eagrú Ama Oibre, 1997, díolmhaithe trí chomhaontú ó na forálacha de Chodanna 11, 12 agus 13 den Acht.
Déanfaidh gach fostóir atá faoi thionchar an chomhaontaithe seo cinnte de go mbeidh tréimhse scíthe agus sos ag gach fostaí a bheas cothrom leis siúd soláthraithe i gCodanna 11, 12 agus 13 den Acht um Eagrú Ama Oibre, 1997.
Tá teidlíochtaí do shaoire bhliantúil agus do laethanta saoire poiblí de réir an Achta um Eagrú Ama Oibre, 1997. Ina theannta sin, beidh ragoibre rialta uainchláraithe, meánaithe thar na 13 seachtain oibre déanta roimhe sin sular glacadh saoire bhliantúil, san áireamh le haghaidh pá laethanta saoire, de réir uasmhéid de 48 uair an chloig in aghaidh na seachtaine.
Maidir le huaireanta oibre déanta ar laethanta saoire poiblí (seachas Lá Nollag) beidh íocaíochtaí i gceist ag ráta am dúbailte móide 8 n-uair an chloig. Maidir le Lá Nollag, beidh íocaíochtaí ag ráta am faoi thrí i gceist móide 8 n-uair an chloig.
Tá na fostaithe go léir i dteideal tairbhe a bhaint as Scéim neamhranníocach Phá Breoiteachta tar éis seirbhíse de dhá bhliain ar a laghad a bheith déanta acu lena bhfostóir reatha.
Ní dhéanfar íocaíocht sula mbíonn trí lá d’aon neamhláithreacht thart, agus caithfidh fostaithe teastas dochtúra sínithe ag lia a sholáthar faoin gceathrú la de neamhláithreacht (agus go seachtainiúil ina dhiaidh sin), a luann nádúr an tinnis.
Is gá freisin an fostóir a chur ar an eolas faoina neamhláithreacht taobh istigh d'uair ó ghnátham tosaithe an fhostaithe ar an gcéad lá de thinneas.
Bainfidh an scéim le hoibrithe lánaimseartha agus le hoibrithe páirtaimseartha ar bhonn pro rata. Féach ERO le tuilleadh sonraí a fháil.
Soláthraíonn an ERO freisin do choinníollacha speisialta maidir le soláthar oiliúna, áiseanna, cosaint d'fhostaithe, leas do bhás i seirbhís agus leas ionsaithe pearsanta. Féach ERO le tuilleadh sonraí a fháil.
Click here to find out more on the campaign