Comhaontaíodh an REA seo ar son a mball idir Cónaidhm Chlóidóireachta na hÉireann agus grúpa ceardchumainn na gceard clóidóireachta. Áiríonn an comhlacht deireanach an Comhlachas Grafach Náisiúnta, Ceardchumann Cló na hÉireann, Ceardchumann Oibrithe Iompair agus Ilsaothair na hÉireann (cuid de SIPTU anois), Cumann Oibrithe na hÉireann/Brainse Oibrithe Ban na hÉireann agus an Ceardchumann Cónasctha Innealtóireachta.
Baineann sé le gach fostaí i gCathair agus i gContae Bhaile Átha Cliath atá páirteach sa déantúsaíocht d’ábhar clóite ag gléasra agus trealamh i ngnáthúsáid i mbunaíochtaí tráchtála clóidóireachta agus le hoibrithe bainteacha freisin. Ní bhaineann sé le fostaithe in oifigí nuachtáin. Féach REA le haghaidh sainmhínithe mionsonraithe ar gach catagóir clúdaithe.
Athróidh rátaí íosphá ag brath ar an gcineál oibre agus fad seirbhíse an fhostaithe. Leagtar lánsonraí a bhaineann le rátaí reachtúla íosphá amach san ERO.
Leagann an REA córas de theidlíochtaí ragoibre amach. Tugann an riail bhunúsach maidir le hoibríochtaí obair-lae teidlíocht d'fhostaithe do ráta am go leith maidir le huaireanta oibre ar bith idir an t-am aitheanta críche agus 12.00 meánoíche agus do ráta am dúbailte ó 12.00 meánoíche go dtí an t-am aitheanta tosaithe an mhaidin dár gcionn. Tá fostaithe i dteideal ráta am dúbailte maidir le ragoibre déanta roimh an ngnátham tosaithe d'obair lae.
Tá rialacha ginearálta breise san REA do gach cineál ragoibre agus rialacha ar leith maidir le ragoibre ar an deireadh seachtaine, laethanta saoire poiblí, sealanna dúbailte lae agus oibríochtaí obair oíche. Féach ERO le tuilleadh sonraí a fháil.
Is 39 uair an chloig in aghaidh na seachtaine gnáthlíon na n-uaireanta oibre. Is 38.5 uair an chloig in aghaidh na seachtaine maidir le hobair oíche nó sealanna dúbailte lae.
Tá gach fostaí i dteideal tréimhsí scíthe de réir forálacha an Achta um Eagrú Ama Oibre, 1997. Tá fostaithe a bhfuil ceangal orthu oibriú trína ngnáth-thréimhse lóin i dteideal ina áit tréimhse cothrom le am go leith a ngnáth-thréimhse lóin.
Tá teidlíochtaí do shaoire bhliantúil agus do laethanta saoire poiblí de réir an Achta um Eagrú Ama Oibre, 1997.
Ritheann bliain na saoire bliantúla gach bliain ó 1 Aibreán go dtí 31 Márta. Caithfidh fostaithe dhá sheachtain de shaoire bhliantúil a ghlacadh idir 1 April agus 30 Meán Fómhair, seachtain bhreise idir 1 Deireadh Fómhair agus 31 Márta agus seachtain bhreise eile trí chomhairliúchán de réir coinníollacha áirithe.
In addition to the above entitlement, employees are entitled to one further day’s annual leave. However, the REA does not set out the manner in which this day should be taken. See the REA for more details.
Níl aon tagairt san REA do Scéim Phá Breoiteachta.
Tá rialacha áirithe san REA ar cheisteanna eile, ina measc modhanna díospóidí, am caillte agus meaisíní a oibriú trí shosanna tae. Féach an REA le tuilleadh sonraí a fháil.