ERO maidir le hÓstáin (seachas Contaebhuirg Chorcaí, Contaebhuirg Bhaile Átha Cliath agus Buirg Dhún Laoghaire)
Feidhmiú
Baineann an ERO le fostaithe i ngnóthas óstáin ar fud an Stáit (seachas Contaebhuirg Chorcaí, Contaebhuirg Bhaile Átha Cliath agus Buirg Dhún Laoghaire). Caithfidh fostaithe a bheith ag obair ar ullmhúchán nó seirbhís de bhia nó deochanna, soláthar lóistín, míondíol earraí nó obair a bhaineann leis na catagóirí seo.
Ní bhaineann sé le bainisteoirí, bainisteoirí cúnta, bainisteoirí faoi oiliúint, fáilteoirí, cinn stórálaithe agus coimeádaithe tí nó le fostaithe eile atá clúdaithe ag REA ar leith.
Féach ERO le haghaidh sainmhínithe mionsonraithe ar gach catagóir clúdaithe.
Luach Saothair
Íosphá
Athróidh rátaí íosphá ag brath ar an gcineál oibre agus fad seirbhíse an fhostaithe. Níl aiscí san áireamh sna rátaí pá. Leagtar lánsonraí a bhaineann le rátaí reachtúla íosphá do gach rangú poist amach san ERO.
Rátaí Ragoibre
Íocfar ragoibre ag ráta am go leith do ragoibre. Déanfar áireamh ar rátaí ragoibre trí thagairt don ráta in aghaidh na huaire, ráta a bheas cothrom leis an ráta cuí seachtainiúil gan lóistín, roinnte ag gnáthlíon na n-uaireanta oibre dearbhaithe in aghaidh na seachtaine.
Obair Dhomhnaigh
Déanfar íocaíocht mar gheall ar obair Dhomhnaigh atá mar chuid den choicís 78 uair an chloir ar an uainchlár, ag am dúbailte. Beidh an pá breise, atá de bhreis ar ghnáthphá, bunaithe ar an ráta cuí gan lóistín. Má dhéanann fostaí lá iomlán oibre ar an Domhnach atá de bhreis ar an gcoicís 78 uair an chloig ar an uainchlár, gheobhaidh sé/sí pá breise dhá lae bunaithe ar an ráta gan lóistín agus é pro rata maidir le laethanta roinnte.
Maidir le fostaithe a dhéanann níos lú ná an choicís 78 uair an chloig ar an uainchlár cuirfear an táille don Domhnach ina dhiaidh sin i bhfeidhm. Maidir leo siúd atá ar an uainchlár le haghaidh oibre agus déanann siad obair ar an Domhnach i seachtain áirithe ar bith, ba chóir táille de 20% a chur i bhfeidhm maidir le gach uair an chloig oibre sa tseachtain sin.
Coinníollacha Fostaíochta
Uaireanta Oibre
Is 78 uair an chloig an ghnáthchoicís oibre d'fhostaithe lánaimseartha 18 bliain d’aois agus níos sine.
Le linn an tséasúir is 10 lá an ghnáthchoicís oibre. Le linn an tseachshéasúir is 10 lá an ghnáthchoicís oibre, áirithe ar bhonn gach dara Domhnach a bheith saor. Is é an "Séasúr" an tréimhse a thosaíonn ar an Domhnach roimh Dhomhnach na Cásca agus a chríochnaíonn ar an Domhnach deireanach i Meán Fómhair.
Gach seachtain le linn na bliana beidh oibrithe i dteideal oíche luath críche ar 7.00in nó dhá cheann ag 8.30in. Tá rialacha ar leith ann maidir le hamanna críche agus le líon uasmhéid na n-uaireanta oibre do dhaoine óga.
Tréimhsí Scíthe
Tá gach fostaí i dteideal tréimhsí scíthe de réir forálacha den
Acht um Eagrú Ama Oibre, 1997, nó de réir an Achta um
Chosaint Daoine Óga (Fostaíocht), 1996, de réir mar is cuí.
Laethanta Saoire
Tá teidlíochtaí saoire bhliantúla le pá ag gach fostaí de réir forálacha an Achta um Eagrú Ama Oibre, 1997. Caithfidh fostóirí réamhfhógra shé sheachtaine a thabhairt dá bhfostaithe maidir lena rún chun saoire bhliantúil a cheadú.
Beidh teidlíocht maidir le Laethanta Saoire Poiblí de réir forálacha an Achta um Eagrú Ama Oibre, 1997.
Sa chás go ndearna oibrí obair ar laethanta saoire poiblí ar bith le linn na bliana, is féidir an lá saor in ionad a ghlacadh as a chéile agus a chur le saoire bhliantúil an fhostaithe.
Scéim Phá Breoiteachta
Níl aon tagairt do Scéim Phá Breoiteachta san ERO seo.
Éagsúil
Soláthraíonn an ERO seo freisin do choinníollacha speisialta maidir le lóistín, táillí seirbhíse agus dualgas leata. Féach ERO le tuilleadh sonraí a fháil.