ERO maidir le hOibrithe Talmhaíochta
Feidhmiú
Baineann an ERO seo le gach oibrí talmhaíochta in Éirinn, seachas iad siúd sa tionscal saothrú beacán agus grúmaeirí atá clúdaithe cheana féin ag téarmaí REA ar leith.
Féach ERO le haghaidh sainmhínithe mionsonraithe ar gach catagóir clúdaithe.
Luach Saothair
Íosphá
Athraíonn rátaí íosphá de réir aois agus stádas an oibrithe. Leagtar lánsonraí a bhaineann le rátaí reachtúla íosphá do gach rangú poist amach san ERO.
Rátaí Ragoibre
Tá fostaithe i dteideal pá ragoibre tar éis gnáthuaireanta oibre a bheith déanta acu. Do gach lá seachas an Domhnach, is é am agus aon trian an ráta íosmhéid ragoibre.
Maidir le gach uair oibre ar an Domhnach, is é am agus dhá thrian an ráta íosmhéid.
Ar Laethanta Saoire Poiblí, is é am dúbailte an ráta íosmhéid do ghnáthuaireanta, agus is é am agus aon trian iolraithe faoina dó an ráta d’uaireanta thar ghnáthuaireanta.
Coiníollacha Fostaíochta
Uaireanta Oibre
Is 39 uair an chloig in aghaidh na seachtaine gnáthlíon na n-uaireanta oibre. Maidir le hoibrithe faoi 18, cuirtear na forálacha den Acht um
Chosaint Daoine Óga (Fostaíocht), 1996 i bhfeidhm. B’fhéidir an tseachtain 39 uair an chloig a chur i bhfeidhm ar shlí de thrí shlí éagsúla, ag brath ar riachtanais ghnó:
- Seachtain 39 uair an chloig i rith na bliana ar fad;
- 38 uair an chloig ar feadh 6 mhí as a chéile agus 40 uair an chloig ar feadh 6 mhí as a chéile. (Míonna le haontú ag leibhéal aitiúil); nó
- 36 uair an chloig ar feadh 3 mhí as a chéile agus 40 uair an chloig ar feadh 9 mí as a chéile. (Míonna le haontú ag leibhéal áitiúil).
Níor chóir uaireanta oibre (ragoibre san áireamh) dul thar 48 uair an chloig in aghaidh na seachtaine thar thréimhse de shé mhí.
Tréimhsí Scíthe
Níl fostaithe i dteideal na dtréimhsí scíthe leagtha amach san
Acht um Eagrú Ama Oibre, ach caithfidh fostóirí a chinntiú go dtugtar tréimhsí scíthe agus sosanna cothroma cúiteacha dóibh atá ar fáil dóibh de réir an
Chóid Chleachtais um Tréimhsí Cúiteacha Scíthe (S.I. 44 1998).
Laethanta Saoire
Tá teidlíochtaí do shaoire bhliantúil agus do laethanta saoire poiblí de réir an
Achta um Eagrú Ama Oibre 1997. Ritheann an ‘bhliain saoire’ ó 1 Aibreán go dtí 31 Márta in aon bhliain.
Scéim Phá Breoiteachta
Tá gach fostaí i dteideal tairbhe a bhaint as Scéim Phá Breoiteachta neamh-ranníocaíoch tar éis seirbhíse de bhliain ar a laghad lena bhfostóir reatha. Cuirtear é seo i bhfeidhm ar bhonn pro rata maidir le fostaithe páirtaimseartha.
Faoin scéim tá fostaithe i dteideal íocaíochta suas go pá trí seachtaine (arna laghdú den teidlíocht Leasa Sóisialta) in aon bhliain scéime le linn neamhláithreachtaí mar gheall ar thinneas. Ní dhéanfar íocaíocht sula mbíonn trí lá thart in aon neamhláithreacht ar shaoire bhreoiteachta.
Caithfidh fostaithe teastas sínithe ag lia a sholáthar faoin tríú lá de neamhláithreacht (agus go seachtainiúil ina dhiaidh sin), a shonraíonn nádúr an tinnis. Caithfidh fostaithe cinnte a dhéanamh de go bhuil an fostóir ar an eolas faoina neamhláithreacht roimh an ngnátham tosaithe ar an gcéad lá den neamhláithreacht. Ní féidir an teidlíocht a thabhairt anonn ó bhliain go bliain. Le tuilleadh eolais a fháil, féach ERO.
Éagsúil
Pléann an ERO freisin le ceisteanna eile maidir le tionchar ar rátaí íosphá atá ag soláthar lóistín, agus pá lá gairid agus pá scoir ag an bhfostóir.
Féach ERO le haghaidh tuilleadh sonraí.