REA                                       Muisiriúin Dhroim Bán 
Dáta Feidhmeach                  12 Nollaig 2007

Páirtithe i gComhaontú

Comhaontaíodh an REA seo idir Muisiriúin Dhroim Bán Teo. agus SIPTU maidir le ranguithe áirithe d'oibrithe muisiriúin. Feidhmíonn an chuideachta as trí cinn de shuíomh i Maigh Eo agus as ceann amháin i gCill Dara.  

Feidhmiú

Baineann sé le buainteorí muisiriún, oibrithe oibríochtaí, buainteoirí muisiriún faoi oiliúint agus maoirseoirí, cibé acu ina bhfostaithe díreacha nó fostaithe trí ghníomhaireacht nó fochonraitheoir iad. Ní bhaineann an REA le fostaithe atá ag obair i margaíocht agus leithdháileadh de mhuisiriúin. Féach REA le sainmhínithe mionsonraithe a fháil ar gach catagóir clúdaithe.  

Luach Saothair

Íosphá

D’fhéadfadh a bheith athruithe ar rátaí íosphá ag brath ar íocaíocht d'fhostaithe in aghaidh na huaire nó de réir táirgiúlachta. Tá oibrithe a fhaigheann íocaíocht ar an modh deireanach i dteideal íocaíochta atá tomhaiste i bpuint/aonaid mar a ndearbhaíonn líon na bpunt/na n-aonad iolraithe ag praghas sna puint/aonaid an mórthuilleamh. Má bhíonn rátaí pá na bhfostaithe, ag baint úsáide as an modh seo, faoin meán náisiúnta íosphá (link to http://www.employmentrights.ie/en/informationforemployers/nationalminimumwage), caithfidh an fostóir aon easnamh a chlúdach. Tá buainteoirí muisiriún agus oibrithe oibríochtaí a fhaigheann pá ar bhonn in aghaidh na huaire, i dteideal ráta íosphá de €9.00 in aghaidh na huaire, agus buainteoirí muisiriún faoi oiliúint a bhfuil seirbhís de thrí mhí acu i dteideal íosíocaíochta de €6.92 in aghaidh na huaire. Tá maoirseoirí i dteideal íosíocaíochta de €9.90 in aghaidh na huaire. Le tuilleadh sonraí a fháil, gliogáil anseo. (Tá na rátaí pá seo le méadú ó 1 Aibreán 2008)

Rátaí Ragoibre/Préimhíocaíochtaí

Bunaíonn an REA córas d’íocaíochtaí préimhama. Má iarrtar ar fhostaithe obair Dhomnaigh a dhéanamh nó obair a dhéanamh ar lá saor uainchláraithe, tá siad i dteideal préimhe a fháil de bhreis ar a ngnáthphá. Is í €15 an íocaíocht sa lá maidir le hobair suas go dtí ceithre uair an chloig agus €3.00 san uair maidir le gach uair an chloig oibre de bhreis ar cheithre uair an chloig.  

Coinníollacha Fostaíochta

Uaireanta Oibre

Is 30 uair an chloig íosmhéid na n-uaireanta uainchláraithe d’fhostaithe i seachtain de shé lá (seachas sa chás d'obair ghearr-ama nó tréimhsí de leagan as). Is 48 uair an chloig uasmhéid na n-uaireanta uainchláraithe d’fhostaithe i seachtain de shé lá, de réir an Achta um Eagrú Ama Oibre, 1997.

Tréimhsí Scíthe

Tá gach fostaí i dteideal tréimhsí scíthe de réir forálacha den Acht um Eagrú Ama Oibre, 1997 agus den Acht um Chosaint Daoine Óga (Fostaíocht) 1996.  (link to  ) Ina theannta sin, caithfidh fostaithe lá amháin saor uainchláraithe ar a laghad a fháil i seachtain de sheacht lá. Caithfidh fostaithe seachtain oibre de chúig lá a dhéanamh gach tríú seachtain, agus deireadh seachtaine iomlán saor a bheith acu.  

Laethanta Saoire

Tá teidlíochtaí do shaoire bhliantúil agus do laethanta saoire poiblí de réir an Achta um Eagrú Ama Oibre, 1997.  Ach, is gá d’fhostaithe oibriú ar laethanta saoire poiblí. Ar na laethanta seo, gheobhaidh siad íocaíocht ar son na hoibre, chomh maith le pá breise lae nó lá breise saoire, de réir na riachtanas reachtúla. Is gá réamhchead a fháil ón bhfostóir maidir leis na socruithe saoire bliantúla go léir.

Scéim Phá Breoiteachta

Tá gach fostaí muisiriúin a bhfuil seirbhís de shé mhí acu lena bhfostóir reatha i dteideal íocaíochta le linn tréimhsí breoiteachta. Cuirtear an sochar i bhfeidhm mar seo a leanas: cúig lá oibre ag €20 sa lá (6-12 mhí seirbhíse), 10 lá oibre ag €20 sa lá (13-24 mí seirbhíse) agus 15 lá oibre ag €20 sa lá (25+ mí seirbhíse). Cuirtear an teidlíocht seo i bhfeidhm ón gcéad lá den neamhláithreacht a fhad is go gcomhlíonann fostaithe coinníollacha áirithe. Caithfidh fostaithe a neamhláithreacht a chur in iúl dá Maoirseoir/mBainisteoir ar an gcéad lá den tinneas roimh thús an tseala nó taobh istigh den chéad uair an chloig ó thús an tseala caillte. Do neamhláithreacht de bhreis ar thrí lá, caithfidh fostaithe teastas bailí dochtúra a sholáthar, a luann nádúr an tinnis agus an dáta fillte ionchais. Is gá gach teastas dochtúra a thabhairt isteach ina dhiaidh sin go seachtainiúil le linn an tinnis.  

Nasc chuig oibrithe Talmhaíochta.

Éagsúil

Tá rialacha ar leith san REA maidir le ceisteanna eile, ina measc saoire mhéala, cláir oiliúna, ionadaíocht cheardchumainn agus bulaíocht agus ciapadh. Féach REA le tuilleadh sonraí a fháil.