- Gruagaireacht (Cathair Chorcaí)
ERO maidir le Gruagaireacht (Cathair Chorcaí)
Feidhmiú
Baineann an ERO seo le fostaithe i ngnóthas gruagaireachta i gCathair Chorcaí, cé acu i mbun gruagaireachta go hiomlán nó go príomha, oibríochtaí teagmhasacha agus cúntacha san áireamh. Áiríonn sé gruagairí, gruagairí printíseachta agus lámh-mhaisitheoirí.
Féach ERO le sainmhínithe mionsonraithe a fháil ar gach catagóir clúdaithe.
Luach Saothair
Íosphá
Tá gruagairí (seachas printísigh) i dteideal buntuarastail agus coimisiúin ar dhíolacháin. Leagtar lánsonraí a bhaineann le rátaí reachtúla íosphá amach san ERO.
Caithfear taifead de dhíolacháin na bhfostaithe go léir a chur ar fáil ionas go mbeidh sé/sí in ann an méid coimisiúin atá le fáil aige/aici gach seachtain a dheimhniú. Tá rialacha breise ann maidir le printíseachtaí agus poist eile clúdaithe.
Rátaí Ragoibre
Clúdaíonn an ERO rátaí seachtainiúil agus míosúil ragoibre. Tá fostaithe a bhfuil gnáthsheachtain oibre 39 uair an chloig acu i dteideal ráta pá am go leith maidir le huaireanta oibre de bhreis ar 8 n-uair an chloig ar lá ar bith (ragoibre seachtainiúil). Tá fostaithe a bhfuil seachtain oibre níos lú ná 39 uair an chloig acu i dteideal ráta am go leith maidir le huaireanta oibre de bhreis ar 8 n-uair an chloig ar lá amháin (ragoibre laethúil).
Coinníollacha Fostaíochta
Uaireana Oibre
Is 39 uair an chloig in aghaidh na seachtaine gnáthlíon na n-uaireanta oibre. Is 8 n-uair an chloig gnathlíon na n-uaireanta oibre ar lá amháin.
Tréimhsí Scíthe
Tá fostaithe a bhfuil uaireanta oibre acu idir 11.30rn agus 2.30in i dteideal sosa uair an chloig ar a laghad tar éis 6 uair an chloig oibre a bheith déanta acu, de réir soláthar
S.I. No. 57/1998 Rialúcháin um Eagrú Ama Oibre (Sosanna Oibre d’Fhostaithe Siopaí).
Laethanta Saoire
Tá saoire bhliantúil agus teidlíochtaí laethanta saoire poiblí de réir an , 1997.
Scéim Phá Breoiteachta
Níl aon tagairt do Scéim Phá Breoiteachta san ERO seo.
Éagsúil
Soláthraíonn an ERO do choinníollacha mionsonraithe maidir le hoibríocht phrintíseachtaí, teidlíocht do phá seirbhíse agus saoire atruach.
Féach ERO le tuilleadh sonraí a fháil.