Clúdaíonn an ERO gach fostaí atá fostaithe i ndéantúsaíocht táirgí mar chiarsúir, éadaí leapa, scaraoidí leapa, tuaillí agus scaraoidí tae nó earraí cosúla tí ó ábhair mar línéadach, cadás agus síoda, nó ábhair eile seachas páipéir, ábhar rubaraithe agus ola-éadach Meiriceánach. Féach ERO le haghaidh sainmhínithe mionsonraithe ar gach catagóir clúdaithe.
Athróidh rátaí pá de réir cé acu rangaithe mar oibrí nó foghlaimeoir é/í an fostaí. Tá rialacha ar leith d’oibrithe gréasáin chomh maith le rátaí gréasáin freisin. Leagtar lánsonraí a bhaineann le rátaí reachtúla íosphá amach san ERO.
Tá fostaí a dhéanann uaireanta oibre de bhreis ar an ngnáthlíon uaireanta suas go meánlae ar an Satharn i dteideal pá ag ráta am go leith. Tá fostaí a bhfuil uaireanta oibre déanta acu tar éis mheánlae ar an Satharn go dtí an gnátham tosaithe ar an Luan i dteideal pá ag am dúbailte.
Is 39 uair an chloig in aghaidh na seachtaine gnáthlíon na n-uaireanta oibre d’fhostaithe fásta lánaimseartha. Cuirtear forálacha den Acht um Chosaint Daoine Óga (Fostaíocht), 1996 i bhfeidhm maidir le hoibrithe faoi 18 bliain d'aois.
Tá gach fostaí i dteideal tréimhsí scíthe de réir an Achta um Eagrú Ama Oibre, 1997. Cuirtear forálacha den Acht um Chosaint Daoine Óga (Fostaíocht), 1996 i bhfeidhm maidir le hoibrithe faoi 18 bliain d'aois.
Tá teidlíochtaí saoire bhliantúla de réir an Achta um Eagrú Ama Oibre, 1997.
Níl aon tagairt do Scéim Phá Breoiteachta san ERO seo.
Solathraíonn an ERO freisin do choinníollacha speisialta maidir le coinníollacha a rialaíonn ceannaireacht, scéim phinsin agus mhortlaíochta agus, teidlíochtaí do phá seirbhíse. Féach ERO le tuilleadh sonraí a fháil.