• Glanadh ar Conradh (seachas Cathair agus Contae Bh

ERO maidir le Glanadh ar Conradh (seachas Cathair agus Contae Bhaile Átha Cliath)

Feidhmiú

Baineann an ERO seo le gach fostaí atá ag obair i nglanadh ar conradh seachas Cathair agus Contae Bhaile Átha Cliath agus iad i mbun glantóireachta taobh istigh d’oifigí, siopaí, ospidéil, monarchana, stórais agus bunaíochtaí cosúla.

Ní bhaineann sé le fostaithe i mbun glantóireachta struchtúrtha lasmuigh nó leo siúd atá clúdaithe ag Comhaontuithe Comhargála nó ag EROanna eile. Féach ERO le haghaidh sainmhínithe mionsonraithe ar gach catagóir clúdaithe.

Luach Saothair

Íosphá

Féach ERO le sonraí a fháil ar an ráta íospha.

Rátaí Ragoibre

Tá fostaithe i dteideal rátaí pá ragoibre le haghaidh uaireanta de bhreis ar 39 uair an chloig ó Luan go hAoine nó tar éis a n-uaireanta conartha más lú iad seo. Tá an teidlíocht do ráta am go leith do na chéad cheithre uair an chloig agus am dúbailte ina dhiaidh sin. Beidh ragoibre an Sathairn ag ráta d’am go leith freisin do na chéad cheithre uair an chloig agus am dúbailte ina dhiaidh sin. Beidh ragoibre an Domhnaigh ag ráta d’am dúbailte do gach uair oibre.

Coinníollacha Fostaíochta

Uaireanta Oibre

Níl aon tagairt d’uaireanta oibre san ERO seo. Caithfidh fostóirí agus fostaithe na rialacha leagtha síos san Acht um Eagrú Ama Oibre, 1997 a chomhlíonadh.

Tréimhsí Scíthe

Níl aon tagairt do shosanna scíthe san ERO seo. Caithfidh fostóirí agus fostaithe na rialacha leagtha síos san , 1997 a chomhlíonadh.

Laethanta Saoire

Tá teidlíochtaí saoire bhliantúla de réir an , 1997. Ina theannta sin, tá fostaithe i dteideal lá saoire, am dúbailte nó lá saor in ionad maidir le hAoine an Chéasta. Beidh íocaíocht do Laethanta Saoire Poiblí de réir Cuid III den Acht um Eagrú Ama Oibre, 1997, ar leith ó líon cáilithíocha uaireanta atá riachtanach san Acht sin.

Scéim Phá Breoiteachta

Tá gach fostaí i dteideal clúdaigh ag Scéim Phá Breoiteachta ranníocaíoch (0.5% de bhunráta pá do gach fostaí). Is féidir le fostaithe dul isteach sa scéim ó 1 Eanáir gach bliain óna ndáta tosaithe fostaíochta.

Soláthraíonn an sochar 20 faoin gcéad dá mbunráta seachtainiúil d’fhostaithe suas go dtí sé sheachtain i mbliain amháin rollach, de réir coinníollacha áirithe.

Ní íocfar sochar ar bith do na chéad chúig lá de thinneas ar bith. Caithfear teastas dochtúra a chur isteach ar an tríú lá de thinneas agus go seachtainiúil ina dhiaidh sin.

Éagsúil

Solathraíonn an ERO freisin do choinníollacha speisialta maidir le sochar do bhás i seirbhís agus luann go mbreathnóidh fostóirí sa tionscal go hiomlán ar shuíomh na bhfostaithe atá dífhostaithe mar gheall ar athrú sa chonraitheoir ar shuíomh. Féach ERO le tuilleadh sonraí a fháil.