Dífhostuithe Éagóracha
Cuireann an tAcht um Dhífhostú Éagórach ar chumas na bhfostaithe a chreideann go raibh siad dífhostaithe go mídhlíthiúil éileamh do dhífhostú éagórach a dhéanamh chuig Coimisinéir Chearta nó chuig an mBinse Achomhairc Fostaíochta.
Baineann an tAcht le fostaithe níos sine ná 16 a bhfuil seirbhís leanúnach de 12 mí acu, seachas;
- Garghaolta den fhostóir a chónaíonn agus a oibríonn sa teach/feirm príobháideach céanna.
- Baill na bhFórsaí Cosanta nó an Ghárda
- Printísigh FAS a bhí dífhostaithe taobh istigh de mhí ó dheireadh a bprintíseachta.
Ní bhaineann an riachtanas do sheirbhís 12 mí le fostaí a bhí dífhostaithe mar gheall ar cheann amháin dóibh siúd a leanas:
- Ballraíocht cheardchumainn an fhostaithe
- Ceist ar bith a bhaineann le toircheas, breith nó beathú cíche
- Feidhmiú nó moladh le feidhmiú cearta do shaoire chosanta nó neamhláithreacht aireachais bhreithe
- Feidhmiú nó moladh le feidhmiú cearta do shaoire thuistí, saoire fhoiche Dé nó saoire churamóra
- Feidhmiú nó moladh le feidhmiú cearta do shaoire uchtála nó saoire bhreise uchtála
Le tuilleadh eolais a fháil íoslódáil ár dtreoirleabhar simplí ar Unfair Dismissals Acts, 1977 to 2007.
Gliogáil anseo don reachtaíocht bhainteach, An tAcht um Dhífhostú Éagórach 1977-2007.
Is féidir éilimh maidir le Dífhostú Éagórach a dhéanamh chuig an tSeirbhís Choimisinéara Chearta nó chuig an mBinse Achomhairc Fostaíochta.