Ag Bunú Gnó Nua

Agus gnó nua á bhunú ina bhfuil fostaithe le pá, caithfidh fostóirí a bheith eolach ar roinnt forálacha bunúsacha faoi dhlí fostaíochta na hÉireann. Tá treoir ghairid thíos d'fhostóirí atá ag bunú gnó nua. Tabhair d'aire le do thoil nach léirmhíniú dlíthiúil é seo ar an reachtaíocht.

Stádas Fostaíochta na bhFostaithe

Fostaíonn fostóirí daoine ar chonarthaí de sheirbhísí nó conarthaí do sheirbhísí. Is é an duine atá fostaithe faoi chonradh de sheirbhís amháin a bheas ina fhostaí agus mar sin de faoi chosaint réimse iomlán de reachtaíocht fostaíochta; beidh conradh de sheirbhísí ag conraitheoir nó ag duine féinfhostaithe leis an bpáirtí a ndéantar an obair dó. Tá an t-idirdhealú idir conradh de sheirbhís, ar thaobh amháin, agus conradh do sheirbhís, ar an dtaobh eile, doiléir in amanna, ach is féidir go mbeidh impleachtaí dáiríre ag an gcineál chonartha atá ag duine ar an bhfostóir agus ar an bhfostaí maidir le ceisteanna mar reachtaíocht chosanta fostaíochta, freagracht dhlíthiúil do ghortuithe a bhaineann do bhaill an phobail, cánachas agus leas sóisialta. Le tuilleadh eolais a fháil, féach le do thoil “Cód Cleachtais ar Stádas Fostaíochta”, a comhaontaíodh idir na Comhpháirtithe Sóisialta, le hionchur ó Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim, an Roinn Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh agus NERA.

Oibrithe neamhthipiciúla

Ag brath ar riachtanais ghnó, b’fhéidir go mbeadh riachtanas ag cuideachtaí fostaithe páirtaimseartha, fostaithe téarma sheasta agus oibrithe sealadacha gníomhaireachta a fhostú. Baineann na chéad dhá chatagóir luaite tairbhe cheana féin as cosaintí reachtúla áirithe. Tá reachtaíocht ann freisin a leagann na rialacha amach maidir le daoine óga a fhostú.

Téarmaí agus Coinníollacha Scríofa

Cé nach gá conradh iomlán fostaíochta a bheith scríofa, is gá téarmaí agus coinníollacha áirithe fostaíochta a bheith breactha síos i scríbhinn taobh istigh de dhá mhí ó thús na fostaíochta. De ghnáth bheadh an modh le pá a áireamh san áireamh chomh maith le cé acu an bhfuil scéim phá breoiteachta i bhfeidhm. (Maidir le fostaithe téarma sheasta bheadh imthoscaí san áireamh faoin dóigh a gcríochnóidh a bhfostaíocht. )

An tÍosphá Náisiúnta

Tá an chuid is mó d’oibrithe fásta a bhfuil taithí acu in Éirinn i dteideal pá ag ráta €8.65 in aghaidh na huaire. Tá roinnt eisceachtaí, áfach, don íosphá, ina measc iad siúd atá fostaithe ag garghaolta, iad siúd faoi 18 bliain d’aois agus daoine faoi oiliúint nó printísigh.  

tionscail áirithe freisin in Éirinn mar a bhfuil íosphá níos airde i bhfeidhm, an tionscal foirgníochta san áireamh.  

Cearta Ama Oibre

Caithfidh fostóirí cinnte a dhéanamh de go dtugtar scíth neamhleor d’fhostaithe. Leagann an tAcht um Eagrú Ama Oibre, 1997, na rialacha amach a rialaíonn uaireanta uasmhéid oibre, sosanna scíthe laethúla agus seachtainiúla, saoire bhliantúil agus teidlíochtaí do laethanta saoire poiblí.  

Saoire Chosanta

Tá dualgas ar fhostóirí cead a thabhairt d'fhostaithe (a chomhlíonann critéir bainteach cáilithe, má tá a lethéid ann) úsáid a bhaint as saoire reachtúla áirithe chosanta, mar shaoire mháithreachais, saoire shláinte agus shábháilteachta, saoire thuistí, saoire uchtála agus saoire do churamóirí. Tá reachtaíocht ar leith ann a leagann na rialacha síos do gach teidlíocht.

Coimeád Taifead

Bunaíonn cuid mhór reachtaíochta amfhrámaí reachtúla soiléire agus le linn an ama sin is gá d’fhostóirí taifid áirithe a choinneáil a bhaineann le fostaithe agus iarphostaithe.  

Foirceannadh Fostaíochta

Is féidir conarthaí fostaíochta a fhoirceannadh ar dhóigheanna éagsúla, mar shampla dífhostú, iomarcaíocht, nó dócmhainneacht. Ba chóir go mbeadh fostóirí eolach ar na rialacha a bhaineann le foirceannadh fostaíochta in aon chomhthéacs mar seo.

Ag bunú Beartas agus Modhanna

Meastar go bhfuil bunú beartas agus modhanna áirithe riachtanach, mar shampla smacht agus gearán, dínit san áit oibre (bulaíocht agus ciapadh san áireamh). Meastar go bhfuil bunú beartas agus modhanna eile mar chosaint sonraí agus beartais neamhláithreachta mar dhea-chleachtas. Athróidh é seo i dtábhacht d’fhostóirí ag brath ar an gcineál ghnó atá i gceist.

Tabhaire d’aire le do thoil go bhfuil réimse ceisteanna eile le meas agus gnó nua á bhunú, ina measc cáin agus leas sóisialta, pinsin, comhionannas, cosaint sonraí agus ceisteanna sláinte agus sábháilteachta. Le tuilleadh eolais a fháil ar na comhlachtaí a d’fhéadfadh a bheith ina gcuidiú maidir leis na ceisteanna sin, féach ár rannán nascanna le do thoil.