Níor chóir d’fhostaí breis is 48 uair an chloig oibre in aghaidh na seachtaine a dhéanamh. Bá chóir an meánseachtain oibre seo á áireamh thar thréimhse de cheithre mhí. Tá roinnt eisceachtaí, áfach, don mheántréimhse seo.
Tá fostaithe i dteideal;
Ní riachtanas reachtúil é íocaíocht do shosanna. Tá roinnt tionscal clúdaithe ag Comhaontuithe Fostaíochta Cláraithe (REAanna) agus Orduithe Rialaithe Fostaíochta (EROanna), agus b’fhéidir go mbeadh rialúcháin ann maidir le sosanna.
Mura bhfuil sé sa ráta pá cheana féin, tá fostaithe i dteideal, go ginearálta, íocaíochta táille maidir le hobair ar an Domhanach, nó am saor in ionad le pá. Tá REAanna ag roinnt tionscal ina bhfuil rialúcháin ar obair an Domhnaigh. Mura bhfuil comhaontú comhchoiteann ann, ba chóir don fhostóir an comhaontú comhchoiteann infheidhmithe is cóngaraí a mheas, a bhaineann leis an obair chéanna nó chosúil faoi choinníollacha cosúla, a sholáthraíonn do tháille don Domhnach.
Le tuilleadh eolais a fháil, íoslódáil ár dtreoirleabhar ar an The Organisation of Working Time Act, 1997
Lean an nasc chuig an reachtaíocht bhainteach; An tAcht um Eagrú Oibre
Is féidir gearáin maidir le pá nó le hasbhaintí a dhéanamh chuig an tSeirbhís Choimisinéara Chearta