Saoire Bhreoiteachta

Ní teidlíocht reachtúil í Saoire Bhreoiteachta; ciallaíonn sé sin nach bhfuil dualgas dlíthiúil ar fhostóir íocaíocht a dhéanamh d’fhostaí mar gheall ar am oibre caillte agus an fostaí tinn.

Tá a mbeartais féin ag roinnt fostóirí, áfach, agus tá roinnt tionscal clúdaithe ag comhaontuithe fostaíochta cláraithe (REAanna) agus Orduithe Rialaithe Fostaíochta (EROanna), agus d'fhéadfadh rialúcháin maidir le pá breoiteachta a bheith ann.