Iomarcaíocht

Is iomarcaíocht í cás mura bhfuil post an fhostaithe ann a thulleadh agus níor fostaíodh duine in ionad. Tá fostaí ar bith d’aois 16 nó níos sine a bhfuil seirbhís leanúnach 104 seachtaine ag fostóir acu i dteideal d’íocaíocht reachtúil iomarcaíochta sa chás seo.  
 
Tá an íocaíocht reachtúil iomarcaíochta ag ráta d’ollphá dhá sheachtaine do gach bliain seirbhíse suas go huasmhéid de €600 in aghaidh na seachtaine móide pá seachtaine, suas go huasmhéid de  €600 freisin. Tá an íocaíocht seo saor ó cháin. 
 
Tá eolas ar an dóigh le do theidlíochtaí a áireamh le fáil ag an áireamhán iomarcaíochta (http://www.entemp.ie/employment/redundancy/calculator.htm) ar láithreán gréasáin na Roinne Fiontar, Trádála agus Fostaíochta.

Tabhair d’aire le do thoil nach ndéileálann NERA le héilimh maidir le haisíocaíochtaí iomarcaíochta nó le híocaíocht ón gCiste Árachais Shóisialaigh. Má tá eolas de dhíth ort maidir le héileamh a cuireadh isteach, déan teagmháil, le do thoil, le:

An Rannóg Íocaíochtaí Iomarcaíochta
An Roinn Fiontar, Tradála agus Fostaíochta
Teach Daibhéid
65A Bóthar Adelaide
Baile Átha Cliath 2
Teil: 01 6312121
LoCall: 1890 220 222

 
Is féidir le roinnt fostóirí íocaíochtaí iomarcaíochta a dhéanamh ag ráta níos airde ná an ráta reachtúil.
 
Tá cóip de na foirmeacha bainteacha iomarcaíochta le fáil ar an leathanach iomarcaíochta (http://www.entemp.ie/employment/redundancy/publications.htm) ar láithreán gréasáin na Roinne Fiontar, Trádála agus Fostaíochta.
 
Le tuilleadh eolais a fháil, íoslódáil ár dtreoirleabhar ar Iomarcaíocht
 
Tá tuilleadh eolais ar iomarcaíocht le fáil sna hAchtanna um Íocaíochtaí Iomarcaíochta 1967-2007.
 
Féach freisin cóip de (http://www.entemp.ie/publications/employment/2007/excollredact.pdf) ar láithreán gréasáin na Roinne Fiontar, Trádála agus Fostaíochta. 
 
Is féidir gearáin maidir le híocaíochta reachtúla iomarcaíochta a dhéanamh chuig an mBinse Achomhairc Fostaíochta.