ERO maidir le Táilliúireacht

Feidhmiú

Baineann an ERO seo le gach fostaí sa trádáil táilliúireachta, lena n-áirítear táilliúireacht fhear réamhdhéanta agus táilliúireacht mhórdhíola ordaithe chomh maith le táilliúireacht fhear mhiondíola ordaithe a dhéantar i monarcha ina ndéantar éadaí le haghaidh trí bhunaíocht mhiondíola ar a laghad. Áiríonn sé freisin iad siúd atá clúdaithe sa déantúsaíocht ó ábhar ar bith de cheannbheart fear. Féach ERO le haghaidh sainmhínithe mionsonraithe ar gach catagóir clúdaithe.

Luach Saothair

Íosphá

Athróidh rátaí íosphá ag brath ar an gcineál oibre agus fad seirbhíse an fhostaithe. Leagtar lánsonraí a bhaineann le rátaí reachtúla íosphá amach san ERO.   

Rátaí Ragoibre

Beidh ragoibre iníoctha do lá ar bith ina bhfuil na huaireanta oibre déanta de bhreis ar na gnáthuaireanta don lá sin, d'ainneoin nach dtéann líon na n-uaireanta oibre déanta sa tseachtain sin thar ghnáthlíon na n-uaireanta oibre don tseachtain.

Tá fostaithe i dteideal ráta pá am go leith maidir leis na chéad cheithre uair an chloig do ragoibre ar lá ar bith (seachas an Domhnach agus laethanta saoire poiblí) agus ráta áta am dúbailte ina dhiaidh sin.  Tá fostaiithe a oibríonn ragoibre ar an Domhnach i dteideal pá ag ráta am dúbailte. Tá oibrithe a dhéanann ragoibre ar laethanta saoire poiblí gnáich nó reachtúla i dteideal pá ag ráta am dúbailte móide lá in ionad, nó ráta am faoi thrí.

Coinníollacha Fostaíochta

Uaireanta Oibre

Maidir le fostaithe a oibríonn de ghnáth sé lá na seachtaine, is 39 uair an chloig gnáthlíon na n-uaireanta i seachtain ar bith, ar lá ar bith seachas an ‘lá gairid’, nach de bhreis ar 8 n-uair an chloig agus ar an 'lá gairid' nach de bhreis ar 4 uair an chloig.

Maidir le fostaithe a oibríonn de ghnáth cúig la na seachtaine, is 39 uair an chloig gnáthlíon na n-uaireanta i seachtain ar bith, idir an Luan agus an Déardaoin (go huile) nach de bhreis ar 9 n-uair an chloig agus ar an Aoine nach de bhreis ar 8 n-uair an chloig.  

Maidir le hoibrithe níos sine ná 16 agus níos óige ná 18, is 39 uair an chloig gnáthlíon na n-uaireanta i seachtain ar bith; ní rachaidh lá ar bith thar 8 n-uair an chloig.

Tréimhsí Scíthe

Tá gach fostaí i dteideal tréimhsí scíthe de réir forálacha den Acht um Eagrú Ama Oibre, 1997. Maidir le hoibrithe faoi 18, cuirtear na forálacha den Acht um Chosaint Daoine Óga (Fostaíocht), 1996 i bhfeidhm.

Laethanta Saoire

Tá teidlíochtaí do shaoire bhliantúil agus do laethanta saoire poiblí de réir an Achta um Eagrú Ama Oibre, 1997.

Scéim Phá Breoiteachta

Níl aon tagairt do Scéim san ERO seo.

Éagsúil

Soláthraíonn an ERO seo freisin do choinníollacha speisialta maidiir le rátaí ama spreagtha, rátaí tascoibre, pá seirbhíse, am feithimh agus na coinníollacha a rialaíonn foghlaimeoireacht. Féach ERO le tuilleadh sonraí a fháil.