ERO maidir le Muilleoireacht Phróntair

Feidhmiú

Baineann an ERO seo le gach fostaí páirteach sa déantúsaíocht dábhar beathaithe ainmhithe le díol nó ar bhonn coimisiúin. Áiríonn sé seo meilt, gearradh nó scealpadh arbhair agus meascadh d’ábhar amháin le hábhar eile, ach seachas táirgiúlacht trí ghníomhaireachtaí nádúrtha nó i mbun gnáthriar feirme. Ní chlúdaíonn sé carraeirí agus tiománaithe leoraithe. Féach ERO le haghaidh sainmhínithe mionsonraithe ar gach catagóir clúdaithe.

Luach Saothair

Íosphá

Féach ERO le haghaidh sonraí ar rátaí reachtúla íosphá.

Rátaí Ragoibre

Tá fostaithe i dteideal pá ag rátá am go leith do gach uair an chloig oibre déanta de bhreis ar ghnáthlíon na n-uaireanta oibre. Tá fostaithe i dteideal pá ag ráta am dúbailte maidir le hobair déanta ar an Domhnach agus ar laethanta saoire reachtúla. Maidir le hobair ar bith déanta ar ghnáthlaethanta saora, tá fostaithe i dteideal pá ag ráta am go leith do na chéad cheithre uair an chloig ón ngnátham tosaithe agus ráta am dúbailte ina dhiaidh sin. Tá an ráta bunúsach agus an táille sheala san áireamh sa ríomh de phá ragoibre d’fhostaithe seala.

Coinníollacha Fostaíochta

Uaireanta Oibre

Is 39 uair an chloig nó níos lú in aghaidh na seachtaine gnáthlíon na n-uaireanta oibre, agus is féidir le fostaí a bheith conraithe orthu siúd. Is iad soláthair an Achta um Chosaint Daoine Óga (Fostaíocht), 1996, a rialaíonn uaslíon na n-uaireanta oibre is féidir d’oibrithe níos sine ná 16 agus níos óige ná 18.

Tréimhsí Scíthe

Tá gach fostaí i dteideal tréimhsí scíthe de réir forálacha an Achta um Eagrú Ama Oibre, 1997.

Laethanta Saoire

Tá teidlíochtaí do shaoire bhliantúil agus do laethanta saoire poiblí de réir an Achta um Eagrú Ama Oibre, 1997.

Scéim Phá Breoiteoireachta

Tá fostaithe i dteideal tairbhe a bhaint as Scéim Phá Breoiteachta tar éis seirbhíse de shé mhí a bheith déanta acu. Tá an sochar iníoctha do thréimhse suas go 18 seachtain i mbliain féilire ar bith. Is gá tinnis fhostaithe a dheimhniú go liachta agus eolas a chur ar an bhfostóir taobh istigh de thrí lá ó neamhláithreacht.

Is féidir feidhmiúchán na scéime a athbhreithniú ar bhonn bliantúil agus d'fhéadfadh aird an athbhreithnithe sin a bheith ar ghnéithe airgeadais na scéime. Féach an ERO le tuilleadh sonraí a fháil.

Éagsúil

Solathraíonn an ERO freisin do choinníollacha speisialta maidir le pá seirbhíse agus le scéim phinsin agus mhortlaíochta. Féach ERO le tuilleadh sonraí a fháil.