ERO Lónadóireacht (seachas Contaebhuirg Bhaile Átha Cliath agus Buirg Dhún Laoghaire)
Baineann an ERO seo le gach fostaí i mbunaíochtaí lónadóireachta ar fud an Stáit (seachas Contaebhuirg Bhaile Átha Cliath agus Buirg Dhún Laoghaire) a fhad is go bhfuil ullmhúchán nó seirbhís de bhia agus de dheochanna ar siúl ag an bhfostaí, nó obair a bhaineann le ceachtar acu. Tá sé riachtanach go ndéantar nó gur rinneadh an bia nó na deochanna i gceist le húsáid san áitreabh iarbhír.
Ní bhaineann sé le bainisteoirí, bainisteoirí cúnta agus bainisteoirí faoi oiliúint sa tionscal lónadóireachta nó le fostaithe atá clúdaithe ag Comhaontuithe Comhargála nó ag EROanna eile. Féach ERO le haghaidh sainmhínithe mionsonraithe ar gach catagóir clúdaithe.
Athróidh rátaí íosphá ag brath ar an gcineál oibre agus fad seirbhíse an fhostaithe. Níl aiscí san áireamh sna rátaí pá. Leagtar lánsonraí a bhaineann le rátaí reachtúla íosphá amach san ERO.
Rátaí Ragoibre
Tá fostaithe i dteideal pá ag rátá am go leith do gach uair an chloig oibre déanta de bhreis ar 39 uair an chloig in aghaidh na seachtaine agus am dúbailte d'obair déanta ar lá nach mbíonn siad ag obair air de ghnáth (an Domhnach san áireamh). Níl sé seo i bhfeidhm má aontaíonn an fostaí am saor a ghlacadh in ionad.
Maidir le huaireanta oibre déanta de bhreis ar dhualgas atá ar an uainchlár ar lá ar bith, tá fostaí i dteideal pá ag ráta am go leith go dtí 12.00 meánoíche, agus am dúbailte ina dhiaidh sin. Tá fostaí atá ar an uainchlár le bheith ag obair san oíche idir meánoíche agus 7.00rn (nach ragoibre é nó obair clúdaithe ag comhaontú pá seala idirbheartaithe ag ceardchumann) i dteideal liúntais cothrom le 25% dá bpá bunúsach maidir le huaireanta oibre déanta le linn na tréimhse sin.
Taobh istigh den choicís 78 uair an chloig, glactar leis gur lá saor é gach dara Domhnach. Tá fostaí i dteideal pá ag ráta am dúbailte le haghaidh oibre déanta ar an Domhnach, mar chuid den ghnáthuainchlár.
Is 78 uair an chloig an ghnáthchoicís oibre d'fhostaithe fásta lánaimseartha thar aon tréimhse de 10 lá. Beidh eolas ag fostaithe ar a ndualgas uainchláir seachtain sula dtosaíonn sé. Leagann an ERO rialacha éagsúla amach maidir le huaireanta oibre do dhaoine óga.
Tá gach fostaí i dteideal tréimhsí scíthe de réir forálacha den , 1997.
Tá saoire bhliantúil agus teidlíochtaí laethanta saoire poiblí de réir an , 1997. Tá fostaithe i dteideal réamhfhógra sé seachtaine ó fhostóirí den am inar féidir saoire bhliantúil a ghlacadh.
Níl aon tagairt do Scéim Phá Breoiteachta san ERO.
Soláthraíonn an ERO freisin do choinníollacha speisialta maidir le cóimheasa printíseachta (oibrí amháin faoi oiliúint do gach oibrí oilte), dualgas oíche, dualgas leata agus amanna críche. Féach ERO le tuilleadh sonraí a fháil.