ERO Lónadóireacht (Contaebhuirg Bhaile Átha Cliath agus Buirg Dhún Laoghaire)
Baineann an ERO seo le gach fostaí i mbunaíochtaí lónadóireachta i gContaebhuirg Bhaile Átha Cliath agus i mBuirg Dhún Laoghaire, a fhad is go bhfuil ullmhúchán nó seirbhís de bhia agus de dheochanna ar siúl iontu, nó obair a bhaineann le ceachtar acu. Tá sé riachtanach go ndéantar nó gur rinneadh an bia nó na deochanna i gceist le húsáid san áitreabh iarbhír.
Ní bhaineann sé le bainisteoirí, bainisteoirí cúnta agus bainisteoirí faoi oiliúint sa tionscal lónadóireachta nó le fostaithe atá clúdaithe ag Comhaontuithe Comhargála nó ag EROanna eile. Féach ERO le haghaidh sainmhínithe mionsonraithe ar gach catagóir clúdaithe.
Athróidh rátaí íosphá ag brath ar an gcineál oibre agus fad seirbhíse an fhostaithe. Leagtar lánsonraí a bhaineann le rátaí reachtúla íosphá amach san ERO.
Tá fostaithe i dteideal pá ag rátá am go leith do gach uair an chloig oibre déanta de bhreis ar na huaireanta ar an uainchlár ar lá ar bith, nó de bhreis ar 78 uair an chloig in aghaigh na coicíse, agus am dúbailte d'obair déanta ar lá nach mbíonn siad ag obair air de ghnáth (an Domhnach san áireamh). Níl sé seo i bhfeidhm má aontaíonn an fostaí am saor a ghlacadh in ionad.
Maidir le huaireanta oibre déanta de bhreis ar dhualgas atá ar an uainchlár ar lá ar bith, tá fostaí i dteideal pá ag ráta am go leith go dtí 12.00 meánoíche, agus am dúbailte ina dhiaidh sin. Tá fostaí atá ar an uainchlár le bheith ag obair san oíche idir meánoíche agus 7.00rn (nach ragoibre é nó obair clúdaithe ag comhaontú pá seala idirbheartaithe ag ceardchumann) i dteideal liúntais cothrom le 25% dá bpá bunúsach maidir le huaireanta oibre déanta le linn na tréimhse sin.
Beidh oibrithe páirtaimseartha agus ócáideacha i dteideal ragoibre ar bhonn laethúil tar éis a seala a bheith críochnaithe, nó tar éis 8 n-uair an chloig, cibé acu is faide.
Taobh istigh den choicís 78 uair an chloig, glactar leis gur lá saor é gach dara Domhnach. Tá gach fostaí ar an uainchlár le bheith ag obair ar an Domhnach (seachas ragoibre) i dteideal pá ag ráta am agus aon trian le haghaidh oibre uainchláir.
Is 78 uair an chloig an ghnáthchoicís oibre d'fhostaithe fásta lánaimseartha thar íosmhéid de 8 lá agus uasmhéid de 10 lá. Leagann an ERO rialacha éagsúla amach maidir le huaireanta oibre do dhaoine óga. Beidh foireann ar an uainchlár, de ghnáth, d'uasmhéid de 10 n-uair an chloig sa lá (roimh ragoibre) ach is féidir é seo a shíneadh chuig uasmhéid de 12 uair an chloig le comhaontú idir an fostóir agus an fostaí. Beidh eolas ag fostaithe ar a ndualgas uainchláir seachtain sula dtosaíonn sé.
Tá gach fostaí i dteideal tréimhsí scíthe de réir forálacha den Acht um Eagrú Ama Oibre, 1997.
Tá saoire bhliantúil agus teidlíochtaí laethanta saoire poiblí de réir an Achta um Eagrú Ama Oibre, 1997. Tá fostaithe i dteideal réamhfhógra sé seachtaine ó fhostóirí den am inar féidir saoire bhliantúil a ghlacadh.
Tá fostaithe i dteideal le tairbhe a bhaint as Scéim ranníocach Phá Breoiteachta tar éis seirbhíse de bhliain leanúnach. Bainfidh an Scéim le foireann lánaimseartha agus le foireann páirtaimseartha ar bhonn pro rata.
Faoin scéim tá fostaí i dteideal pá bunúsach trí seachtaine i mbliain féilire ar bith (arna laghdú den teidlíocht Leasa Sóisialta). Níl aon teidlíocht chun pá a fháil sula mbíonn trí lá d’aon neamhláithreacht thart. Ba chóir teagmháil a dhéanamh leis an bhfostóir taobh istigh de uair go leith ó ghnátham tosaithe an fhostaithe ar an gcéad lá den neamhláithreacht. Chun tairbhe a bhaint as an scéim caithfidh fostaithe teastas sínithe ag lia a sholáthar faoin tríú lá de neamhláithreacht, a shonraíonn nádúr an tinnis, agus go seachtainiúil ina dhiaidh sin.
Leagann an ERO catagóirí áirithe de neamhláithreachtaí nach bhfuil clúdaithe ag an scéim.
Soláthraíonn an ERO do choinníollacha speisialta maidir le hoiliúint scaoileadh lae do chúrsaí printíseachta, táille sheirbhíse, oibrithe páirtaimseartha/ócáideacha, dualgas leata agus amanna críche. Féach ERO le tuilleadh sonraí a fháil.