Baineann an ERO seo le gach fostaí sa déantúsaíocht ó fhabraicí teicstíle de léinte, bónaí, cufaí, carbhait, pitseamaí, naprúin nó i ngach obair theagmhasach eile.
Ní bhaineann sé le déantúsaíocht fabraicí cniotáilte, cultacha níocháin buachaillí, éadaí do pháistí gan idirdhealú gnéis, ciarsúir, mionscairfeanna sróna, lámhainní, gearrstocaí, stocaí, speaitíní, lóipíní, boinéid, hataí nó caipíní (seachas caipíní cócairí agus caipíní barda ospidéal). Féach ERO le haghaidh sainmhínithe mionsonraithe ar gach catagóir clúdaithe.
Athróidh rátaí íosphá ag brath ar an gcineál oibre agus fad seirbhíse an fhostaithe. Leagtar lánsonraí a bhaineann le rátaí reachtúla íosphá amach san ERO.
Tá fostaithe i dteideal ráta pá am go leith maidir leis na chéad cheithre uair an chloig do ragoibre ar lá ar bith, seachas an Domhnach, laethanta saoire poiblí agus uaireanta oibre déanta roimh an ngnátham tosaithe ar an Luan, agus ráta am dúbailte ina dhiaidh sin.
Tá fostaithe a dhéanann ragoibre ar an Domhnach agus roimh ghnátham tosaithe ar an Luan i dteideal ráta pá ag am dúbailte. Tá fostaithe a oibríonn ar laethanta saoire poiblí reachtúla i dteideal ráta pá am dúbailte chomh maith le lá in ionad le pá.
Is 39 uair an chloig in aghaidh na seachtaine gnáthlíon na n-uaireanta oibre d’fhostaithe lánaimseartha.
Tá gach fostaí i dteideal tréimhsí scíthe de réir forálacha den Acht um Eagrú Ama Oibre, 1997.
Tá teidlíochtaí do shaoire bhliantúil agus do laethanta saoire poiblí de réir an Achta um Eagrú Ama Oibre, 1997.
Níl aon tagairt do Scéim Phá Breoiteachta san ERO.
Soláthraíonn an ERO freisin do choinníollacha speisialta maidir le tascobair/tascráta, am feithimh agus teidlíochtaí do phá seirbhíse. Féach ERO le tuilleadh sonraí a fháil.