Gruagaireacht (Contae agus Contaebhuirg Bhaile Átha Cliath, Buirg Dhún Laoghaire agus Ceantar Uirbeach Bhré)
Feidhmiú
Baineann an ERO seo le fostaithe i ngnóthas gruagaireachta i gContae agus i gContaebhuirg Bhaile Átha Cliath, Buirg Dhún Laoghaire agus Ceantar Uirbeach Bhré, cé acu i mbun gruagaireachta go hiomlán nó go príomha, oibríochtaí teagmhasacha agus cúntacha san áireamh. Áiríonn sé gruagairí, gruagairí printíseachta, sciamheolaithe agus lámh-mhaisitheoirí.
Féach ERO le sainmhínithe mionsonraithe a fháil ar gach catagóir clúdaithe.
Luach Saothair
Íosphá
Tá gruagairí (seachas printísigh) i dteideal buntuarastail agus coimisiúin ar dhíolacháin. Beidh athrú ar rátaí seachtainiúla íosphá ag brath ar phost an oibrithe. Leagtar lánsonraí a bhaineann le rátaí reachtúla íosphá amach san ERO.
Caithfear taifead de dhíolacháin na bhfostaithe go léir a chur ar fáil ionas go mbeidh sé/sí in ann an méid coimisiúin atá le fáil aige/aici gach seachtain a dheimhniú. Tá rialacha breise ann maidir le printíseachtaí agus poist eile clúdaithe.
Rátaí Ragoibre
Clúdaíonn an ERO rátaí seachtainiúil agus míosúil ragoibre. Tá fostaithe a bhfuil gnáthsheachtain oibre 39 uair an chloig acu i dteideal ráta pá am go leith maidir le huaireanta oibre de bhreis ar 39 uair an chloig i seachtain ar bith (ragoibre seachtainiúil). Tá fostaithe a bhfuil seachtain oibre níos lú ná 39 uair an chloig acu i dteideal ráta am go leith maidir le huaireanta oibre de bhreis ar 8 n-uair an chloig ar lá amháin (ragoibre laethúil). Tá ragoibre an Domhnaigh le híoc ag dhá oiread an íosráta i bhfeidhm in amanna eile, i.e. am dúbailte.
Coinníollacha Fostaíochta
Uaireanta Oibre
Is 39 uair an chloig in aghaidh na seachtaine gnáthlíon na n-uaireanta oibre. Is 8 n-uair an chloig gnathlíon na n-uaireanta oibre ar lá amháin.
Tréimhsí Scíthe
Tá fostaithe a bhfuil uaireanta oibre acu idir 11.30rn agus 2.30in i dteideal sosa uair an chloig ar a laghad tar éis 6 uair an chloig oibre a bheith déanta acu, de réir soláthar
S.I. No. 57/1998 Rialúcháin um Eagrú Ama Oibre (Sosanna Oibre d’Fhostaithe Siopaí).
Laethanta Saoire
Tá saoire bhliantúil agus teidlíochtaí laethanta saoire poiblí de réir an
Achta um Eagrú Ama Oibre, 1997.
Scéim Phá Breoiteachta
Tá gach fostaí a bhfuil fostaíocht de shé mhí déanta acu i ngnóthas gruagaireachta i dteideal le tairbhe a bhaint as Scéim ranníocach Phá Breoiteachta.
Gheobhaidh an pearsanra cáilithe go léir sochar chúig sheachtain déag mura dtéann ioncam an fhostaithe ó fhoinsí eile (mar atá íocaíochtaí leasa sóisialta) thar ghnáthráta den phá bunúsach. Feidhmítear é seo ar bhonn pro rata do phrintísigh. Féach ERO le tuilleadh sonraí a fháil.
Níl aon teidlíocht chun pá a fháil sula mbíonn trí lá de thinneas thart agus caithfidh fostaithe teastas dochtúra a sholáthar faoin tríú lá de thinneas (agus go seachtainiúil ina dhiaidh sin). Caithfidh fostaithe an fostóir a chur ar an eolas faoina neamhláithreacht roimh mheánlae ar an gcéad lá de thinneas.
Éagsúil
Soláthraíonn an ERO do choinníollacha mionsonraithe maidir le hoibríocht phrintíseachtaí, teidlíocht do phá seirbhíse agus saoire atruach.
Féach ERO le tuilleadh sonraí a fháil.