ERO maidir le Grósaeireacht Mhiondíola

Feidhmiú

Baineann an ERO seo le gach fostaí in aon ghnóthas nó brainse nó roinn atá páirteach i ngrósaeireacht mhiondíola agus a chomhchearda go hiomlán nó go príomha, cé acu an obair a bheith bainteach le siopa nó foirgneamh miondíola nó obair chléireachais nó oifige eile a dhéantar i gcomhar leis.

Ní bhaineann sé le bainisteoirí, bainisteoirí cúnta agus bainisteoirí faoi oiliúint nó le fostaithe atá clúdaithe ag Comhaontuithe Comhargála, ERO eile nó ag a bhfuil REA níos fabhraí i bhfeidhm. Fágann sé eischeadúnais agus siopaí neamhspleácha amach freisin a bunaíodh ar fad le haghaidh díolacháin aráin, plúir, milseogra agus búistéirí mairteola. Féach ERO le haghaidh sainmhínithe mionsonraithe ar gach catagóir clúdaithe.

Luach Saothair

Íosphá

Athróidh rátaí íosphá ag brath ar an gcineál oibre agus fad seirbhíse an fhostaithe. Leagtar lánsonraí a bhaineann le rátaí reachtúla íosphá amach san ERO.  

Rátaí Ragoibre

Cáilíonn fostaithe a oibríonn de bhreis ar 8 n-uair an chloig sa lá nó 39 uair an chloig sa tseachtain le haghaidh rátaí ragoibre (nó am saor in ionad). Maidir le ragoibre déanta suas go meánoíche ó Luan go Satharn, tá fostaithe i dteideal ráta am go leith agus ráta am dúbailte ó mheánoíche go dtí 7.00rn. Maidir le ragoibre an Domhnaigh agus le hobair ar lá saoire poiblí mar ragoibre, tá fostaithe i dteideal ráta am dúbailte.

Uaireanta Neamhshóisialta

Tá fostaithe i dteideal táille uaireanta neamhshóisialta (uaireanta oibre mar chuid den uainchlár) ag ráta am agus aon cheathrú maidir le hobair ó mheánoíche go 7.00rn agus ráta am agus aon trian ar an Domhnach.

Coinníollacha Fostaíochta

Uaireanta Oibre

Is 39 uair an chloig in aghaidh na seachtaine gnáthlíon na n-uaireanta oibre. Maidir le hoibrithe faoi 18 bliain d’aois, beidh forálacha an Achta um Chosaint Daoine Óga (Fostaíocht), 1996 i bhfeidhm.
Tabharfar réamhfhógra in athrú ar bith ar na gnáthuaireanta uainchláraithe seachtain roimh ré.

Tréimhsí Scíthe

Ní bheidh riachtanach ar oibrí ar bith a bheith ag obair go leanúnach do thréimhse de bhreis ar cheithre uair an chloig go leith gan sos de 15 nóiméad ar a laghad, gan na príomhshosanna béile a bheith san áireamh.

Tá fostaithe a bhfuil uaireanta oibre acu idir 11.30rn agus 2.30in i dteideal sosa uair an chloig ar a laghad tar éis 6 uair an chloig oibre a bheith déanta acu, de réir soláthar S.I. No. 57/1998 Rialúcháin um Eagrú Ama Oibre (Sosanna Oibre d’Fhostaithe Siopaí). Cuirtear forálacha den Acht um Chosaint Daoine Óga (Fostaíocht), 1996 i bhfeidhm maidir le hoibrithe faoi 18 bliain d'aois.

Laethanta Saoire

Tá teidlíochtaí do shaoire bhliantúil agus do laethanta saoire poiblí de réir an Achta um Eagrú Ama Oibre, 1997.

Scéim Phá Breoiteachta

Tá fostaithe i dteideal tairbhe a bhaint as Scéim neamhranníocach Phá Breoiteachta (pá thrí sheachtaine arna laghdú leas sóisialta) tar éis seirbhíse de dhá bhliain leanúnach a bheith déanta acu. Bainfidh an Scéim le hoibrithe lánaimseartha agus le hoibrithe páirtaimseartha ar bhonn pro rata, seachas oibrithe cúntacha i gceachtar catagóir.
Ní dhéanfar íocaíocht sula mbíonn trí lá d’aon neamhláithreacht thart. Caithfidh fostaithe an fostóir a chur ar an eolas faoina neamhláithreacht taobh istigh d'uair go leith de ghnátham tosaithe an fhostaithe ar an gcéad lá de thinneas.Tá teastas dochtúra sínithe ag lia de dhíth ar an tríú lá de neamhláithreacht (agus go seachtainiúil ina dhiaidh sin).
Ní chlúdóidh an scéim neamhláithreachtaí mar gheall ar thaismí bóthair, spóirt chontúirteacha nó gortuithe a tharlaíonn i mbun oibre ag fostóir eile.

Éagsúil

Soláthraíonn an ERO freisin do choinníollacha speisialta maidir le teastais seirbhíse. Féach ERO le tuilleadh sonraí a fháil.