Comhaontú Fostaíochta Cláraithe (Tuarastal agus Coinníollacha Fostaíochta an Tionscail Foirgníochta) agus (Árachas Pinsean agus Pá Breoiteachta an Tionscail Foirgníochta)
Comhaontaíodh na REAanna seo ar son a mball idir Cónaidhm Thionscal na Foirgníochta agus sé cheardchumann déag ar leith atá ag feidhmiú ar son ball atá ag obair sa tionscal foirgníochta.
Baineann siad le hoibrithe atá fostaithe ag cuideachta foirgníochta nó innealtóireachta sibhialta mar oibrithe tógála nó ceardaithe tógála. Áiríonn an chatagóir dheireanach bríceadóirí, saoir chloiche, cearpantóirí agus siúinéirí, lanna urlár, gloineadóirí, péintéirí, pláistéirí, pluiméirí, scláitéirí agus tíleoirí, snoíodóirí cloiche, meaisíneoirí greantaí adhmaid agus printísigh do na ceardaithe roimhe seo.
Athraíonn rátaí íosphá de réir aois agus stádas an oibrithe. Leagtar lánsonraí a bhaineann le rátaí reachtúla íosphá do gach rangú poist amach san ERO.
Tá fostaithe i dteideal pá ag ráta am go leith do ragoibre ar bith déanta go dtí 12.00 meánoíche, Luan go hAoine, agus am dúbailte ina dhiaidh sin. Maidir le hobair ar an Satharn, tá fostaithe i dteideal pá ag ráta am go leith do na chéad cheithre uair an chloig ón ngnátham tosaithe agus am dúbailte ina dhiaidh sin suas go dtí gnátham tosaithe ar maidin Luain. Féach REA le haghaidh lansonraí air seo.
Tá fostaithe i dteideal ráta am dúbailte chomh maith lena dteidlíocht reachtúil d'obair ar lá saoire poiblí. .
Is 39 uair an chloig in aghaidh na seachtaine gnáthlíon na n-uaireanta oibre.
Tá gach fostaí i dteideal sosanna agus tréimhsí scíthe de réir forálacha den Acht um Eagrú Ama OibreM, 1997.
Tá saoire bhliantúil agus teidlíochtaí laethanta saoire poiblí de réir an Achta um Eagrú Ama Oibre, 1997. Tá fostaithe i dteideal freisin lá breise saoire bhlaintiúla.
Caithfear deich lá saoire bhliantúla a ghlacadh in Iúil, ceithre lá um Nollaig, cúig lá um Cháisc (Aoine an Chéasta san áiremah) agus an chuid eile de réir comhaontaithe idir an fostóir agus an fostaí.
Tá gach fostaí a bhfuil ranníocaíocht 13 seachtaine ar a laghad acu sa tréimhse de shé mhí go díreach roimh dháta tosaithe an mhíchumais i dteideal sochair faoi Scéim Phá Breoiteachta. Tá fostaithe i dteideal sochair go laethúil do thréimhse nach faide ná 10 seachtain. Níl aon teidlíocht don scéim sa chéad trí lá oibre den mhíchumas seachas sa chás go nglactar leis gur éileamh leanúnach é. Caithfear éilimh fhostaithe a dhéanamh i scríbhinn maille le teastas dochtúra. Le tulleadh sonraí air seo a fháil, féach REA.
Pléann na REAanna le ceisteanna eile, mar neamhláithreachas, saoire mhéala, cúiteamh mar gheall ar chailleadh uirlisí, airgead tíre, agus costais taistil. Tá soláthair ann freisin maidir le sochair phinsin agus mhortlaíochta chomh maith le híocaíocht ráthaithe don duine a bhíonn ar fáil fiú má bhíonn cosc ar obair de thairbhe drochaimsire. Le tuilleadh sonraí a fháil, féach REA.