REA maidir le hÉadaitheoireacht, Coisbheart agus Comhchearda (Baile Átha Cliatha agus Dún Laoghaire)

Páirtithe i gComhaontú

Comhaontaíodh an REA ar son a mball idir Cónaidhm Ghnólachtaí agus Fhostóirí na hÉireann agus MANDATE (Ceardchumann na nOibrithe Miondíola, Beáir agus Riaracháin).

Feidhmiú

Baineann se le gach bunaíocht i gContaebhúirg Bhaile Átha Cliath, Contae Dhún Laoghaire/Ráth an Dúin, Contae Bhaile Átha Cliath Theas agus Contae Fhine Gall a bhfuil gnó iontu atá go hiomlán nó go príomha i mbun díola coisbhirt, ceannbhirt, éadaitheoireachta nó mionéadaitheoireachta. Baineann sé le gach duine atá fostaithe i ndíolacháin agus le fostaithe cléireachais agus maoirseoirí bainteacha. Ní bhaineann sé le fostaithe i gcógaslanna, gruagaireacht, lónadóireacht, leabharlanna iasachta, gníomhaireachtaí taistil agus ranna oifig an phoist de bhunaíochtaí mar sin. Féach REA le haghaidh sainmhínithe mionsonraithe ar gach catagóir clúdaithe.

Luach Saothair

Íosphá     

Athróidh rátaí íosphá ag brath ar an gcineál oibre agus fad seirbhíse an fhostaithe. Leagtar lánsonraí a bhaineann le rátaí reachtúla íosphá do gach cineál poist amach san REA.  B’fhéidir go mbeadh na figiúirí atá leagtha amach sa chomhaontú níos ísle in amanna ná an ráta íosphá reatha náisiúnta. Sa chás sin glacfaidh an t-íosráta reachtúil san uair atá i bhfeidhm ag an am sin ionad na bhfigiúirí as dáta.

Rátaí Ragoibre

Le linn na seachtaine, tá fostaithe i dteideal pá ragoibre d’am go leith le linn uaireanta neamh-thrádála, agus am dúbailte le linn uaireanta trádála maidir le ham ar bith oibre de bhreis ar an ngnáthsheachtain oibre de 37.5 uair an chloig. Sa chás d’fhostaithe a bheith ag obair ar a lá saor, tá siad i dteideal pá ag ráta am go leith do na chéad cheithre uair an chloig agus am dúbailte ina dhiaidh sin.

Coinníollacha Fostaíochta

Uaireanta Oibre

Is 37.5 uair an chloig in aghaidh na seachtaine gnáthlíon na n-uaireanta oibre. Tá sé seo uainchláraithe thar thréimhse uasmhéid de chúig lá. Tá fostaithe i dteideal eolas a bheith acu ar aon athrú sna gnáthuaireanta ar an uainchlár seachtain sula gcuirtear i bhfeidhm iad.

Tréimhsí Scíthe

Tá gach fostaí i dteideal tréimhsí scíthe de réir an Achta um Eagrú Ama Oibre, 1997. Go háirithe, ní gá d’aon fhostaí a bheith ag obair gan stad do thréimhse de bhreis is 4.5 uair an chloig gan sos de 15 nóiméad ar a laghad a ghlacadh (le pá) seachas an príomhshos béile de 60 nóiméad (gan phá).

Laethanta Saoire

Tá saoire bhliantúil agus teidlíochtaí laethanta saoire poiblí de réir an Achta um Eagrú Ama Oibre, 1997. Tá fostaithe i dteideal freisin lá saor ar Aoine an Chéasta, nó la saor in ionad nó ar bhonn pro rata, más cuí.

Scéim Phá Breoiteachta

Tá dhá chatagóir fostaithe déanta ag an Scéim Phá Breoiteachta:
  • Tá fostaithe roimh 29 Lúnasa i dteideal íocaíochta atá cothrom le pá lae suas go huasmhéid de 12 lá i mbliain féilire ar bith. Beidh fostaithe páirtaimseartha i dteideal an tsochair mar atá leagtha amach thuas ar bhonn pro rata.
  • Tá fostaithe tar éis 29 Lúnasa a bhfuil 12 mí seirbhíse acu i dteideal íocaíochta atá cothrom le pá lae d’aon neamhláithreacht mar sin suas go huasmhéid d’ocht lá tar éis seirbhíse 12 mí (ach níos lú ná 18 mí), agus dhá lá déag do sheirbhís de bhreis ar 18 mí.  Beidh fostaithe páirtaimseartha i dteideal an tsochair mar atá leagtha amach thuas ar bhonn pro rata.  
Caithfidh an dá chatagóir d’fhostaí teastas dochtúra a sholáthar dá bhfostóirí ar an gceathrú lá as a chéile de neamhláithreacht. Beidh laghdú ar íocaíocht le méid atá cothrom leis an méid a fhaigheann na fostaithe sin ó shochar míchumais.

Éagsúil

Soláthraíonn an REA freisin do choinníollacha speisialta maidir le pá seirbhíse. Féach REA le tuilleadh sonraí a fháil.