ERO maidir hÉadaí agus Haitéireacht Ban

Feidhmiú

Baineann an ERO le gach fostaí páirteach sa déantúsaíocht ó theicstíl nó fabraicí cniotáilte d’éadaí táilliúrtha agus neamhtháilliúrtha do mhná, cailíní nó páistí. Baineann sé freisin leo siúd atá fostaithe sa déantúsaíocht de chultacha réamhdhéanta níocháin do bhuachaillí nó cultacha mairnéalaigh, agus sa déantúsaíocht nó oiriúint de cheannbheart do mhná nó do chailíní. Féach ERO le haghaidh sainmhínithe mionsonraithe ar gach catagóir clúdaithe.

Luach Saothair

Íosphá

Athróidh rátaí íosphá ag brath ar an gcineál oibre agus fad seirbhíse an fhostaithe. Leagtar lánsonraí a bhaineann le rátaí reachtúla íosphá amach san ERO.  

Rátaí Ragoibre

Tá fostaithe i dteideal ráta pá am go leith maidir leis na chéad cheithre uair an chloig do ragoibre ar lá ar bith (seachas an Domhnach agus laethanta saoire poiblí) agus ráta áta am dúbailte ina dhiaidh sin.  Tá fostaithe a oibríonn ragoibre ar an Domhnach, ar laethanta saoire poiblí agus ar ghnáthlaethanta saoire i dteideal pá ag ráta am dúbailte.

Measfar gach uair an chloig oibre a dhéanann an t-oibrí ar an lá saor seachtainiúil, ar an Domhnach agus ar laethanta saoire gnáich poiblí nó reachtúla, a bheith mar ragoibre, agus na rátaí ragoibre i bhfeidhm.

Coinníollacha Fostaíochta

Uaireanta Oibre

Is 39 uair an chloig sa tseachtain gnáthlíon na n-uaireanta oibre. Tá an tseachtain oibre comhdhéanta de chúig lá, agus an lá saor le glacadh ar an ngnáthlá gairid áitiúil, mura bhfuil comhaontú ann idir an fostóir agus an t-oibrí.

Tréimhsí Scíthe

Tá gach fostaí i dteideal tréimhsí scíthe de réir forálacha den Acht um Eagrú Ama Oibre, 1997

Laethanta Saoire

Tá teidlíochtaí do shaoire bhliantúil agus do laethanta saoire poiblí de réir an Achta um Eagrú Ama Oibre, 1997.

Scéim Phá Breoiteachta

Níl aon tagairt do Scéim Phá Breoiteachta san ERO seo.

Éagsúil

Soláthraíonn an ERO seo freisin do choinníollacha speisialta maidiir le rátaí ama spreagtha, rátaí tascoibre, pá seirbhíse, am feithimh agus na coinníollacha a rialaíonn foghlaimeoireacht. Féach ERO le tuilleadh sonraí a fháil.