ERO maidir le Cléirigh Dlí

Feidhmiú

Baineann an ERO seo le fostaithe atá i bhfostaíocht lánaimseartha nó páirtaimseartha le dlíodóirí a bhaineann le hobair ghairmiúil na ndlíodóirí nó le comhlachtaí corparáide ina ranna dlí faoi stiúir a ngníomhairí dlí. Áiríonn sé seo bainisteoirí oifige, cléirigh dlí, leabharchoimeádaithe, rúnaithe dlí agus cúntóirí oifige. Ní chlúdaíonn sé dlíodóirí nó printísigh dlíodóirí. Féach ERO le haghaidh sainmhínithe mionsonraithe ar gach catagóir clúdaithe.

Luach Saothair

Íosphá

Athróidh rátaí íosphá ag brath ar an gcineál oibre agus fad seirbhíse an fhostaithe. Leagtar lánsonraí a bhaineann le rátaí reachtúla íosphá do gach cineál poist amach san ERO.

Rátaí Ragoibre

Tá fostaithe i dteideal pá ag rátá am go leith do gach uair an chloig oibre déanta de bhreis ar na gnáthuaireanta i seachtain ar bith.  

An Domhnach agus Laethanta Saoire Poiblí

Tá fostaithe i dteideal pá ag ráta am dúbailte le haghaidh oibre déanta ar an Domhnach, nó ar lá reachtúil saoire. Is é an ráta in aghaidh na huaire an tuarastal cuí seachtainiúil roinnte ag líon cuí na n-uaireanta oibre in aghaidh na seachtaine.

Coinníollacha Fostaíochta

Uaireanta Oibre

Is 38 uair an chloig in aghaidh na seachtaine gnáthlíon na n-uaireanta oibre. Maidir le hoibrithe faoi 18 bliain d’aois, cuirtear forálacha an Achta um Chosaint Daoine Óga (Fostaíocht), 1996 i bhfeidhm.

Tréimhsí Scíthe

Tá gach fostaí i dteideal tréimhsí scíthe de réir forálacha an Achta um Eagrú Ama Oibre, 1997. Ní bheidh sosanna béile san áireamh mar uaireanta oibre.

Laethanta Saoire

Tá teidlíochtaí do shaoire bhliantúil agus do laethanta saoire poiblí de réir an Achta um Eagrú Ama Oibre, 1997.

Scéim Phá Breoiteachta

Tá fostaithe i dteideal tairbhe a bhaint as Scéim Phá Breoiteachta tar éis seirbhíse de dhá bhliain a bheith déanta acu. Níl aon teidlíocht chun pá a fháil sula mbíonn trí lá d’aon neamhláithreacht thart. Tá teastas dochtúra sínithe ag lia de dhíth ar an gceathrú lá (agus go seachtainiúil ina dhiaidh sin). Feidhmíonn an scéim ar bhonn rollach de dhá mhí déag.

Faoin Scéim, tá fostaithe i dteideal pá thrí sheachtaine ag rátaí ERO cuí. Beidh an fostaí freagrach as a gcuid teidlíochtaí Leasa Sóisialta a éileamh agus iad ar saoire bhreoiteachta agus as na híocaíochtaí sin a íoc leis na fostóirí. Coimeádann fostóirí de cheart acu féin fostaí a chur ar aghaidh le haghaidh measúnaithe ag dochtúir ainmnithe an fhostóra.

Ní chlúdaíonn an scéim seo neamhláithreacht as obair mar gheall ar ghortú a bhain dó/di i bhfostaíocht fhostóra eile. Beidh pá breoiteachta inaisíoctha don fhostóir faoin scéim i gcás inar féidir caillteanas pá a fháil ar ais ó fhoinse eile maidir le neamhláithreacht as obair, nó má tá an caillteanas faighte ar ais cheana féin.

Éagsúil

Soláthraíonn an ERO sainmhínithe de ghráid éagsúla chomh maith le gach feidhm agus freagracht riachtanach do gach catagóir d’fhostaí a shonrú. Féach ERO le tuilleadh sonraí a fháil.