Tarlaíonn aistriú gnóthas nauir a ghlacann fostóir eile seilbh de ghnó nó de chuid de ghnó mar gheall ar chumasc nó aistriú.
Nuair a tharlaíonn aistriú tá dualgas dlíthiúil ar an bhfostóir nua foireann reatha an ghnó, nó an chuid den ghnó atá i gceist, a ghlacadh. Meastar gur rinneadh seirbhís fhabhraithe an fhostaithe lena f(h)ostóir bunaidh leis an bhfostóir nua. Tá an fostaí i dteideal téarmaí agus coinníollacha fostaíochta leis an bhfostóir nua nach lú fabhar leo siúd a bhí aige/aici leis an bhfostóir bunaidh go díreach roimh an aistriú.
Le tuilleadh eolais a fháil íoslódáil ár dtreoirleabhar ar Threoir AE maidir le EU Protection of Employees on Transfer of Undertakings Regulations 2003.
Is féidir gearáin maidir le hAistriú Gnóthas a dhéanamh chuig an tSeirbhís Choimisinéara Chearta.