Cad iad na Cearta atá agam?

Mar fhostaí, tá tú i dteideal cearta bunúsacha áirithe fostaíochta. Cé go dtugann roinnt tionscal cearta éagsúla, léiríonn an liosta seo a leanas an teidlíocht íosmhéid d’fhostaithe.
  • Ráiteas scríofa de théarmaí agus coinníollacha fostaíochta. Cé nach gá an conradh iomlán a bheith i scríbhinn, ba chóir go mbeadh téarmaí agus coinníollacha áirithe fostaíochta breactha síos i scríbhinn taobh istigh de dhá mhí ó thosaigh an fostaí san fhostaíocht. Bheadh an modh le pá a áireamh san chomh maith le cé acu an bhfuil scéim phá breoiteoireachta i bhfeidhm san áireamh de ghnáth. (Maidir le fostaithe ar théarma seasta bheadh sonraí san áireamh freisin ar an dóigh a dtiocfaidh deireadh lena bhfostaíocht.)
  • Ráiteas scríofa pá nó ‘duillín pá’. Ba chóir go leagfadh an duillín pá ollphá amach chomh maith le gach asbhaint uaidh.  
  • Íosphá. Tá an chuid is mó d’fhostaithe fásta a bhfuil taithí acu in Éirinn i dteideal pá ag €8.65 in aghaidh na huaire. Tá roinnt eisceachtaí, áfach, don íosphá, maidir leo siúd atá fostaithe ag garghaolta, iad siúd faoi 18 bliain d’aois agus daoine faoi oiliúint nó printísigh.  
Tá tionscail áirithe in Éirinn mar a bhfuil íosphá níos airde i bhfeidhm, ina measc an tionscal foirgníochta. Tá tuilleadh eolais ar na tionscail seo le fáil ónár leathanaigh a bhaineann le tionscail áirithe.
  • Seachtain oibre uasmhéid de 48 uair an chloig sa tseachtain
  • Tá an tseachtain 48 uair an chloig uasmhéid bunaithe ar mheán atá áirithe thar thréimhsí de cheithre mhí, sé mhí nó dhá mhí déag, ag brath ar an tionscal. Caithfidh d’fhostóir taifead a choinneáil ar na huaireanta oibre a dhéanann tú.  
  • Sosanna gan phá le linn uaireanta oibre
  • Tá ceart agat do shos 15 nóméad má oibríonn tú ar feadh ceithre uair go leith, agus sos 30 nóiméad má oibríonn tú ar feadh sé uair an chloig.  
  • Saoire bhliantúil ón obair
  • Tá teidlíocht ag oibrithe lánaimseartha do cheithre sheachtain de shaoire bhliantúil le pá gach bliain. Tá teidlíocht ag oibrithe páirtaimseartha do mhéid chionmhar de shaoire bhliantúil bunaithe ar an méid oibre a dhéanann siad.  
  • Íosmhéid fógra roimh dhífhostú
  • Tá oibrithe i dteideal íosmhéid fógra má chríochnaíonn a bhfostaíocht. Tá an t-íosmhéid fógra ag brath ar fhad na seirbhíse atá acu.  
 
Níl an liosta seo uileghabhálach agus ní léirmhíniú dlíthiúil é.