Má tharlaíonn sé go gcreideann tú nach bhfaigheann tú ceann amháin nó níos mó de do chearta fostaíochta, mar chéad chéim ba chóir duit i gcónaí é seo a chur in iúl do d’fhostóir. B’fhéidir nach bhfuil siad eolach ar a ndualgas le teidlíocht áirithe a sholáthar duit. Tríd an bhfostóir a chur ar an eolas faoin gceist is féidir go bhfaighidh tú amach gur féidir an cheist a réiteach.
Más ball de cheardchumann thú, is féidir leat comhairle a iarraidh ó do mhaor cheardchumainn nó oifigeach bainteach lánaimseartha maidir le do chearta fostaíochta agus do theidlíochtaí agus na roghanna atá agat chun iarraidh iad a chur i bhfeidhm.
Is féidir gearáin maidir le roinnt cearta, mar an Detailed Guide To The National Minimum Wage Act, 2000, uaireanta oibre agus saoire do churamóirí a dhéanamh chuig an tSeirbhís Choimisinéara Chearta. Le tuilleadh sonraí ar chearta áirithe fostaíochta a fháil, bain úsáid as an mbarra nascleanúna clé le do thoil.
Is féidir gearáin maidir le roinnt cearta, mar fhógra íostréimhse agus iomarcaíocht, a dhéanamh chuig an mBinse Achomhairc Fostaíochta (EAT). Pléann EAT freisin le hachomhairc ar chinntí déanta ag an tSeirbhís Choimisinéara Chearta faoi reachtaíocht áirithe. Le tuilleadh sonraí ar chearta áirithe fostaíochta a fháil, bain úsáid as an mbarra nascleanúna clé le do thoil.
Is féidir gearáin maidir le hidirdhealú líomhnaithe ar cheann ar bith de naoi bhforas (inscne, stádas pósta, stádas teaghlaigh, liostaithe sna hAchtanna um Chomhionannas Fostaíochta 1998 & 2004, I mbun fostaíochta nó iarratas d’fhostaíocht, a dhéanamh chuig an mBinse Comhionannais. Cuirtear gach gearán curtha chuig an mBinse Comhionannais a mheastar a bheith oiriúnach d'idirghabháil ar aghaidh chuig idirghabhálaí oilte sa chéad dul síos seachas go gcuireann ceachtar páirtí ina aghaidh sin. Má bhaintear triail as idirghabháil agus theipeann air nó má théitear thairis, cuirtear an gearán ar aghaidh chuig Oifigeach Comhionannais le haghaidh lánbhreithnithe.
Tá ról ag Seirbhísí Iniúchta NERA maidir le gnéithe de réimse de Reachtaíocht a bhaineann le cearta a chur i bhfeidhm, ina measc taifeadadh uaireanta oibre, an tÍosphá Náisiúnta, comhaontuithe a bhaineann le tionscail áirithe (EROanna agus REAanna), cosaint daoine óga agus íocaíocht tuarastail. Is féidir gearáin a dhéanamh go díreach chuig Seirbhísí Iniúchta NERA. Le gearán a dhéanamh chuig Seirbhísí Iniúchta NERA, íoslódáil agus líon isteach le do thoil ár .
Is féidir ceisteanna áirithe díospóide idir fostaithe agus fostóirí (de ghnáth iad siúd a bhaineann le sárú líomhnaithe chonartha an fhostóra) a leanstan tríd na cúirteanna sibhialta. Is féidir éilimh d’idirdhealú inscne atá in aghaidh na nAchtanna Comhionannais Fostaíochta a ghlacadh freisin sa chéad dul síos chuig an gCúirt Chuarda. Ach, is féidir le caingne cúirte sibhialta a bheith costasach cionn is go mbíonn sé riachtanach go minic cúnamh dlí gairmiúil a úsáid agus is gá táillí cúirte a íoc freisin. Níl aon táillí iníoctha mar gheall ar éilimh tugtha chuig comhlachtaí cearta fostaíochta mar an tSeirbhís Choimisinéara Chearta nó an Binse Achomhairc Fostaíochta. Ní gá ach an oiread ionadaíocht dlí a bheith agat os comhair na gcomhlachtaí seo.
Mura bhfuil tú cinnte faoin mbealach ceart a ghlacadh, déan teagmháil le do thoil le NERA ar 1890 808090.
*Faoi reachtaíocht áirithe fostaíochta (m.sh. Achtanna um Dhífhostú Éagórach 1977 go 2007) tá rogha ann maidir le bealach do shásamh. Le tuilleadh eolais a fháil, déan teagmháil le do thoil le Seirbhísí Faisnéise NERA.