Bunaíodh an tÚdarás Náisiúnta Cearta Fostaíochta (NERA) faoin gComhaontú Comhpháirtíochta Sóisialta "Towards 2016" le cultúr náisiúnta de chomhlíonadh cearta fostaíochta a bhaint amach.
Soláthraíonn NERA eolas d’fhostóirí agus d'fhostaithe trína aonad eolais, déanann sé monatóireachta ar choinníollacha fostaíochta trína sheirbhísí iniúchta agus is féidir leis comhlíonadh a chur i bhfeidhm agus sásamh a chuardach.
Baineann NERA le go leor gnéithe de chearta fostaíochta, ina measc, Tuarastal, Saoire Bhliantúil, Uaireanta Oibre, Iomarcaíocht, Dífhostú, agus Fógra Fágála.